Ó COLLA, Feardorcha (1942–2013)

Ceannródaí craoltóireachta raidió agus gníomhaire fuinniúil pobail ab ea Feardorcha Ó Colla a saolaíodh i gCarraig an tSeascainn i nGaoth Dobhair ar 16 Meitheamh 1942. Feirmeoir beag ab ea a athair, Tadhg, agus ba de mhuintir Mhic Giolla Bhríde a mháthair, Bríd. D’fhreastail Feardorcha, an duine ab óige de thriúr clainne, ar bhunscoileanna Dhoirí Beaga agus Chnoc an Stollaire agus bhí sé sa chéad rang a chláraigh in Ardscoil Mhuire, Gaoth Dobhair. Agus a thréimhse mheánscolaíochta curtha isteach aige ansiúd, d’fhreastail sé ar Choláiste na hOllscoile, Gaillimh, áit ar bhain sé céim sa tráchtáil agus an tArd-Teastas san Oideachas amach.

Chaith sé tamall ag teagasc sa cheardscoil i Loch an Iúir agus in Ardscoil Mhuire. Phós sé Helena Ní Bhaoill as Cionn Caslach, chuir faoi ar na Machaireacha agus bhí ceathrar clainne orthu, triúr iníonacha, Treasa, Dara agus Bridgena agus aon mhac amháin, Martin. Bhí sé thar a bheith gníomhach in imeachtaí an phobail ó bhí sé an-óg, baint aige leis an gCumann Lúthchleas Gael agus ina rúnaí ar Choiste Forbartha Ghaoth Dobhair. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Chomórtas Peile na Gaeltachta agus chaith tamall ina chathaoirleach ar an gcoiste náisiúnta.

Tar éis don Aire Poist agus Teileagrafa, Gearóid Ó Coileáin, a fhógairt sa Dáil i mí Feabhra 1971 go raibh Raidió na Gaeltachta le bunú, faoi scáth RTÉ, bhí Feardorcha ar dhuine de sheachtar clár-reachtairí a ceapadh agus é le cloisteáil ar Tiomchuairt na nGaeltachtaí, an chéad chlár a craoladh tar éis d’Uachtarán na hÉireann, Éamon de Valera, an stáisiún a oscailt Domhnach Cásca, 31 Márta 1972.

Níorbh fhada go raibh aithne mhaith ar ghlór Fheardorcha laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht agus é i mbun clár spóirt, nuachta, ceoil, polaitíochta, cláir don aos óg, cláir díospóireachta, drámaí agus irischláir.

Ceapadh é mar Oifigeach Réigiúnach Raidió na Gaeltachta i nDoirí Beaga in 1974 agus ba le linn a réimis a d’aistrigh stiúideonna an stáisiúin as Sraith na Corcrach go dtí an Screabán agus a cuireadh, de réir a chéile, le huaireanta craolta an stáisiúin in 1975, 1979 agus 1986. Ba dá bharr freisin a fuair grúpa óg darbh ainm Clannad agus Mairéad Ní Mhaonaigh as Altan deis a gcuid ceoil a chraoladh den chéad uair.

Craoltóir ildánach ab ea é, ach bhí luí ar leith aige le spórt, drámaíocht agus le cláir pholaitíochta. Rinne sé cathaoirleacht ar go leor clár díospóireachta polaitíochta ar Raidió na Gaeltachta sna seachtóidí agus sna hochtóidí nuair a bhí níos mó teannais agus níos mó corraíola ag baint leis na cúrsaí sin i nDún na nGall ná a bhí in aon cheann eile de na sé chontae fichead. Ba é freisin a leag bunchloch na seirbhíse spóirt a chuir an raidió ar fáil dá chuid éisteoirí in iarthuaisceart na tíre.

Ach ní le cúrsaí polaitíochta agus spóirt amháin a bhaineann an chraoltóireacht raidió atá fágtha ina dhiaidh ag Feardorcha Ó Colla agus a chruthúnas sin le fáil sna cláir Conallaigh chonallacha, Stair paróistí, Deis a labhartha, Bunscoileanna na Gaeltachta, Tuairisc phearsanta, Teaghlaigh cheolmhara Chúige Uladh, Díospóireacht na seachtaine, Dúchas & cinniúint, Ón tsean-am anall, Fios farraige, Na hUltaigh ag gabháil cheoil, Tamall comhrá agus go leor eile.

Lean sé leis ag obair le Raidió na Gaeltachta gur aistrigh sé chuig Seomra Nuachta RTÉ i nDomhnach Broc in 1987, áit ar chaith sé tréimhse ghairid.

Thug sé tamall gearr eile don mhúinteoireacht ansin i bPobalscoil Chloich Chionnaola, ach d’fhill sé ar ghnóthaí pobail nuair a fuair sé post le Meitheal Forbartha na Gaeltachta i nGaoth Dobhair. Ba leo siúd a bhí sé gur éirigh sé as in 2011. Bhí sé sáite i dtionscnaimh go leor agus baint faoi leith aige le hIonad Traenála Bhord Sláinte an Iarthair a thabhairt chun an Chlocháin Léith.

Sheas Feardorcha d’Fhianna Fáil i dtoghchán Údarás na Gaeltachta in 1991 agus cé nár éirigh leis, chaith sé na cúig bliana a lean mar chomhalta ainmnithe ar bhord an Údaráis. Saineolaí ar leagan amach polaitíochta an iarthair agus a chontae dúchais a bhí ann agus cé gur sheas sé go hoscailte le Fianna Fáil tar éis dó saol na craoltóireachta a fhágáil ina dhiaidh, nuair a bhásaigh sé ar 22 Deireadh Fomhair 2013, dúirt urlabhraithe as na páirtithe ar fad nach raibh aon rian de chlaontacht le brath ina shaothar craoltóireachta ná forbairt pobail.

Tá Feardorcha Ó Colla curtha sa reilig i Machaire Gathlán.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil sa Dictionary of Ulster Biography anseo »

Mártan Ó Ciardha