Ó BAOIGHEALLÁIN, Anraí (1911–2007)

I nDroichead Átha, a rugadh an beathaisnéisí agus an t-ard-státseirbhíseach seo ar 21 Nollaig 1911. Tá eolas cuimsitheach air sa dírbheathaisnéis A voyage around my life (2002). Máistrí loingis trádála ba ea a shinsir. John a bhí ar a athair agus phós seisean Mary Coleman in 1900 agus rugadh naonúr dóibh, cúigear mac agus ceathrar iníonacha. Bhí a sheanmháthair in aontíos leo agus bhí cuimhne aicise ar an nGorta Mór. Bhí Anraí ar scoil ag na Bráithre Críostaí i nDroichead Átha ach, toisc a dhonacht a bhí trádáil mhara timpeall 1930, ní le mairnéalacht a chuaigh sé. In 1930 ceapadh é ina fheidhmeannach sóisearach sa státseirbhís agus chaith sé tamall i gCoimisiún na Talún sular aistríodh é go dtí Radio Éireann mar oifigeach riaracháin foirne in 1936. Ní raibh ach foireann bheag, caoga, b’fhéidir, sa stáisiún ag an am sin agus níor dheacair d’Anraí aithne a chur ann ar leithéidí Rhoda Coghill (1903–2000), Frank Gallagher (1893–1962), T.J. Kiernan (1897–1967), John McDonagh (1880–1961), Vincent O’Brien (1870–1948) agus Roibeárd Ó Faracháin. Comhartha ar a thábhachtaí a bhí siad i saol na hÉireann go bhfuil iontráil i dtaobh gach duine díobh in DIB. Ní foláir nó ba é an comhluadar laethúil seo a chuir le féinmhuinín Anraí óig. An post sin a spreag é sna 1930idí déanacha chun dráma raidió a scríobh agus chun The moonstone (1868) le Wilkie Collins a chóiriú mar dhráma. Is i ngeall ar chlár filíochta a bhí á stiúradh ag Austin Clarke a thug sé taitneamh do ghuth anamúil Patricia Clancy (a rugadh ar 12 Márta 1913), aisteoir, agus phós siad ar 18 Meán Fómhair 1941. Nuair a thosaigh an Éigeandáil 1939–45 aistríodh Anraí go dtí an Roinn Soláthair.

Is beag tagairt aige don Ghaeilge roimh 1941, an bhliain a thosaigh sé ar staidéar a dhéanamh ar litríochtaí an Bhéarla agus na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Anuas go 1944 ní raibh bac ar Chaitlicigh dul go dtí an ollscoil sin. Bhí baint aige ann leis an gCumann Gaelach agus leis an gComhchaidreamh. Bhí sé ina bhall de choiste eagarthóireachta Comhar agus bhí beagán alt, léirmheasanna agus gearrscéalta i gcló aige ann idir 1947 agus 1989. Is dóigh gurbh i ngeall ar an gComhchaidreamh go raibh dlúthbhaint aige le Gael Linn ó 1953 amach. Aistríodh é go na Seirbhísí Gaeltachtain 1949. Faoi 1952 bhí sé ina stiúrthóir cúnta ann agus ina Stiúrthóir ar ball. 33 bliana a chaith sé ann agus dlúthbhaint aige i rith an ama leis na tionscail Ghaeltachta: bréidín, gnó na cniotála, an fheamainn agus Arramara (bréagáin).

Tar éis dó dul ar pinsean is ea a thug sé faoi A dictionary of Irish biography (1978). Cé is moite de na gearriontrálacha in Concise dictionary of Irish biography (Crone 1928), ní raibh a leithéid d’fhoinse eolais ann ó foilsíodh A compendium of Irish biography (1878) le Alfred John Webb (1834–1908). Deir Anraí sa réamhrá: ‘The present work appears a further fifty years on, thus conforming to a pleasing rhythm of publication.’ Cuireadh fáilte mhór roimh an bhfoclóir agus foilsíodh dhá eagrán nua in 1988 agus 1998. Leabhair eile leis is ea: Éire today: a survey of life in modern Ireland (1948); Theobald Wolfe Tone (1981); This arrogant city (1984); The Boyne: a valley of kings, (1988).

Bhí sé ina uachtarán ó 1979 go 1981 ar an Ospidéal Súl agus Cluas Ríoga Victoria, Baile Átha Cliath. Bhí baint aige le Cumann Merriman ó 1968 agus chaith tamall de bhlianta ina chisteoir acu. Bhain sofaisticiúlacht le hAnraí gan aon amhras: é ina bhall den Royal Irish Yacht Club i nDún Laoghaire agus ba é a scríobh stair an chumainn sin White sails crowding (1994). Bhí sé ina bhall freisin de Chumann Oisrí Bhaile Átha Cliath agus de Chlub na nEalaíon, ar scríobh a bhean Pat a stair All cultivated people: a history of the United Arts Club (Boylan 1988). Bhí dlúthchairdeas aige le Tomás de Bhaldraithe, le Proinsias Mac Aonghusa agus le hArt Ó Beoláin agus tá cuntas ar na teagmhálacha sin aige leo in Tomás de Bhaldraithe: cuimhní cairde (Mac Aonghusa 1997). Ach ina theannta sin bhí sé sochaideartha, é cairdiúil le huasal agus le híseal. D’éag a bhean ar 23 Feabhra 2006 agus bhí a dírbheathaisnéis scríofa aicise freisin Gaps of brightness: a memoir (Boylan 2003). D’éag sé féin ar 24 Bealtaine 2007. Bhí beirt mhac agus beirt iníonacha acu.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú

Leabhair