I mBaile Phámar, Co. Bhaile Átha Cliath, a rugadh an file, gearrscéalaí agus aistritheoir seo ar 28 Márta 1928. Ba iad Gerald Alphonsus Johnston agus Margaret Brennan a thuismitheoirí. B’as Cnocán na Mac Tíre, Co. Laoise, dá mháthair. Protastúnach an t-athair agus bhí tuairim láidir ag Gearailt gurbh ó Sheón Johnston na bhFeadha (‘Jesus of Nazareth, King of the Jews, save us from Johnston, King of the Fews’) a shíolraigh seisean ach níor éirigh le Gearailt riamh an gaol sin a áireamh. Mar ba dhual do Phrotastúnach mheabhraigh a athair do Ghearailt óg gurb é céad sprioc an tírghráthóra earraí de dhéantús na hÉireann a cheannach. I mBaile na Manach, Dún Laoghaire, a d’fhás Gearailt suas. Bhí cainteoir dúchais Gaeilge ó Mhaigh Eo, Helen Sweeney, mar chailín aimsire sa teach agus is uaithi a thosaigh Gearailt ag foghlaim Gaeilge. Ar scoil ag na Bráithre Críostaí i nDún Laoghaire a bhí sé agus gach rud ag éirí go maith leis ann, agus dúil mhór aige sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Laidin agus sa Bhéarla féin. Ach in aois a 17 dó fuair a athair bás agus, ó ba é ba shine sa chlann, b’éigean dó post a fháil láithreach agus cúl a thabhairt leis an ollscolaíocht a bhí beartaithe dó. I ngnó árachais Coyle Hamilton a chaith sé bunús a shaoil. D’éirigh leis ar ball bheith ar dhuine de stiúrthóirí an chomhlachta.

Bhí baint aige le gluaiseacht na teanga i rith a shaoil, é ina bhall de Chraobh na Carraige Duibhe tamall maith. Thaithíodh sé freisin cruinnithe an Réalt i nDún Laoghaire agus i mBré. I bhfad ina dhiaidh sin bhí sé ar dhuine de bhaill tosaigh Chraobh na hÉigse de Chonradh na Gaeilge. In 1950 toghadh é ina bhall den Ardchoiste. Ábhar múinteora i gColáiste Dhún Chéirí, Co. Bhaile Átha Cliath, ba ea Móna Ní Dhireáin ó Chonamara agus is ag céilithe Chraobh na Carraige Duibhe a chastaí ar a chéile iad. Phós siad ar ball agus bhí beirt mhac agus beirt chailíní acu. Ní ligeadh post sin Coyle Hamilton dó a dhúthracht a chaitheamh le scríbhneoireacht, an rud is mó a raibh dúil aige ann. Nuair a gortaíodh go dona é i dtimpiste bóthair b’éigean dó éirí as a phost. Tar éis tamaill chuir sé féin agus fear ón Ísiltír tús le gnó garraíodóireachta i nDroim Ineasclainn, Co. Lú. Le glasraí, torthaí agus bláthanna a chur á bhfás i dtithe gloine a bhain an gnó. Ach i gceann trí bliana tháinig deireadh tobann leis an bhfiontar sin nuair a theip ar an mbarr criosantamam. Bhí na fiacha chomh trom sin gurbh éigean dó aistriú go teach i mBaile Uí Ógáin.

Ní raibh carr aige anois agus bhí sé i bhfad ó na seanchairde. Ach níor theip riamh ar fhear an mhisnigh agus is ar an scríbhneoireacht a chaith sé a dhúthracht ina dhiaidh sin. Bhíodh alt i gcló aige in The Irish Times anois is arís agus in 1995 bhuaigh sé comórtas na Nollag ag an gcolún ‘Tuarascáil’ le haistriúchán ó Ghaeilge na státseirbhíse go Gaeilge nádúrtha. D’éirigh leis a áitiú ar an Sunday Tribune glacadh le scéalta i nGaeilge ar leathanach an ‘New Irish writing’ acu agus bhí an Cunta Hennessy sásta géilleadh dó agus glacadh le hiarratais i nGaeilge i gcás na nduaiseanna liteartha sin a bhí urraithe ag a chomhlacht. I gcomhpháirt le Gabriel Rosenstock in 1991 d’aistrigh sé go Gaeilge rogha de dhánta Yeats.Byzantium(1991) is teideal don chnuasach sin. Gearailt a chuir eagar ar an aistriúchán a rinne Rosenstock ar 30 Zen Haiku (1994) le J. W. Hackett. Foilsíodh trí chnuasach dá dhánta. Bhí sé in aois an trí scór nuair a cuireadh cló arLabhraí Loingseach (1988) ar lean Sneachta Cásca (1991) agusNéalta taistil (1994) é. Ainmníodh cnuasach dá ghearrscéalta, Brocairí Bhedlington agus scéalta eile (1996), le haghaidh Duais Liteartha an The Irish Times agus bhí Exile (1994), a aistriúchán arDeoraíocht le Pádraig Ó Conaire, ar an ngearrliosta le haghaidh ‘Aristeion’, duais Chomhairle na hEorpa. In 1992 ghnóthaigh sé trófaí Chonradh na Gaeilge ag Féile Filíochta Dhún Laoghaire, agus in 2001 bronnadh sparánacht liteartha na Comhairle Ealaíon air de thoradh Sliogán an mhuirín agus scéalta eile (neamhfhoilsithe).

Bhí sé tugtha don bheachaireacht, don dúlra i gcoitinne, don amhránaíocht ar an sean-nós agus do cheol na píbe uilleann. D’éag sé ar 25 Meán Fómhair 2008. Bhí a mhac Máirtín marbh le tamall roimhe agus fágtha ina dhiaidh bhí a bhean Móna, a bheirt iníonacha Niamh agus Máire, agus a mhac Rónán.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú