I nDumhaigh Mhór i bhFánaid, Co. Dhún na nGall, a rugadh é ar 10 Samhain 1888. Charles Kerr, feirmeoir, agus Catherine, ar de mhuintir Mhic Giolla Cheara freisin í, a thuismitheoirí. Ní raibh aon Bhéarla aige go raibh sé tuairim deich mbliana d’aois. Ón mháthair a fuair se ‘seaneagnaíocht na Gaeilge, na mílte seanfhocal agus na céadta rann’, dar leis an Athair Fiachra OFM Cap. (An tUltach, Lúnasa 1956). Thaithíodh sé teach Phaidí Rua ar an gCnoc Bán, áit mhór airneáil, agus chloiseadh sé neart de sheanchas na dúiche ann. D’fhoilseodh sé cuid den seanchas sin ar ball.

I Scoil Náisiúnta an Chaisil a bhí sé sula ndeachaigh sé isteach sa chliarscoil i Leitir Ceanainn mar a raibh Séamus Ó Creag mar ollamh Gaeilge aige. Oirníodh ina shagart i Maigh Nuad é 1914. I 1912, bhí ‘Dán an Toir’, a fuair sé óna mháthair, in eagar aige in Irisleabhar Mhaigh Nuat. Chaith sé tamall i mbun staidéir in institiúid Dhún Búinne i ndiaidh a oirnithe.

Chaith sé cuid mhaith de bhlianta an Chogaidh Mhóir ina shéiplíneach airm san Fhrainc agus sa Bheilg. I mBéarla in An Crann a bhí an chéad litir a sheol sé abhaile ón bhfronta i 1917 ach is i nGaeilge a bhí an chuid eile. Bhí sé ag múineadh diagachta i gColáiste na Naomh Uile, Baile Átha Cliath, ó 1919 go 1921. Ceapadh é ina uachtarán ar Choláiste Adhamhnáin i 1930. Bhí sé rannpháirteach i Halla Mhuire, Conmhaigh, an bhliain chéanna sin sa chéad chraoladh raidió riamh ó Thír Chonaill. Ba é a thug na seanmóirí Gaeilge ag Comhdháil Eocairisteach 1932 i mBaile Átha Cliath. Ó 1944 go bhfuair sé bás 3 Aibreán 1956 bhí sé ina shagart paróiste i gCloich Chionnaola. Rinneadh Ard-Deochan de tamall roimh a bhás.

Bhí sé ina bhall de Chomhaltas Uladh, ar choiste Choláiste Uladh, ina bhall de Choimisiún na Logainmneacha agus den Chomhairle Oideachais (1950).

Is mar scríbhneoir ar chúrsaí creidimh is mó a chuimhnítear air. Ba é a mhórshaothar Leabhar an Aifrinn fa choinne na nDomhnach, na bpríomhfhéilte agus na n-ócáid is mó san bhliain a d’fhoilsigh Comhaltas Uladh i 1948. Scríobh sé freisin Díon-chruthughadh an Chreidimh; nó Apologeitic, 1936; Foras feasa na hEaglaise, 1937; Teagasc morálta na hEaglaise, 1938; Stair na hEaglaise i gcomhair na Meadhon-Scol, 1941–49 – an Gúm a chuir amach na trí leabhar sin. Aistriúchán is ea Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na nAspal, 1943 a d’fhoilsigh Comhaltas Uladh. Aistriuchán leis is ea An Croí Naofa agus an tSagartacht, 1957 (Le Sacré Coeur et la sacerdoce le Louise Mairéad de la Touche). Bhí spéis mhór aige sa dúlra agus scríobh sé péire leabhar a bhí ar chlár na meánscoileanna: Ceachta as leabhar na cruinne, 1940; Súil thart ar an dúlra, [1945]. Bhí aistí i gcló aige in An tUltach, Inniu, Capuchin Annual, Donegal Annual, An Síoladóir, An Phoblacht. Tá a shaothar liostaithe ag B. O’Hanrahan in Donegal authors, 1982. Scríobh Bearnard Ó Dubhthaigh cuntas ar a shaol in Feasta, Meitheamh 1956.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú