Níor foilsíodh Tales of the west of Ireland le James Berry (in eagar ag Gertrude M. Horgan, Roinn Litríocht an Bhéarla, Coláiste Aquinas, Grand Rapids, Michigan) i bhfoirm leabhair go dtí 1966. In The Mayo News 1910–13 a cuireadh i gcló den chéad uair iad.

I mBun Abhann, Cluain Cearbán, Co. Mhaigh Eo a rugadh Berry in 1842. John a bhí ar a athair. Ba chol ceathar lena mháthair, Bridget O’Malley, an tArdeaspag Mac an Mhílidh. Ba sheanuncailí leis an triúr Agaistíneach i mainistir Mhuraisc: Ned, Own Bawn agus Owlan O’Fergus. I scoileanna scairte a cuireadh oideachas air agus bhí a uncail, an tAthair Éamonn Ó Máille, sagart paróiste Charna, mar oide aige freisin. I Salamanca a oirníodh é siúd. Bhí sé ar chuairt ag an uncail seo i gCarna nuair a casadh Sarah Greene air. Phós siad agus shocraigh síos ar fheirm ann. Bhí seisear iníonacha agus cúigear mac acu. Phós duine díobh, Margaret, Henry Carey, pílear ó Ghlinnte Aontroma agus bhí mac leosan, Hugo Carey, ar fhoireann na Gaillimhe a bhuaigh Craobh na hÉireann sa pheil i 1934.

Dúirt Berry gur ó bhéalaithris a scríobh sé na scéalta. Ach bhí tuairim á nochtadh gurbh é féin a chum cuid díobh. Is é an freagra a thug sé air sin gurbh ón seanchaí ab fhearr i gCúige Chonnacht a bhí sé ag foghlaim na scéalaíochta ar feadh naoi mbliana.

I gcóipleabhair mhóra a bhí na scéalta scríofa aige, iad á n-ullmhú aige le haghaidh a bhfoilsithe i bhfoirm leabhair. Roimh bhás dó ar 4 Meitheamh 1914 thug sé ar a bhanchéile na cóipleabhair a dhó ar eagla aon duine bheith ag baint leo.

I Maínis atá sé curtha. Tá aiste ina thaobh ag a iníon in An Choinneal, Samhradh 1963, agus cuntas ag Gertrude Horgan air in Tales of the west of Ireland.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú