BERRY, James (1842–1914) James BERRY 1842 1914 Bun Abhann, Co. Mhaigh Eo Maínis, Co. na Gaillimhe M Scoil scairte bailitheoir béaloidis [B9] bailitheoir béaloidis Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Níor foilsíodh Tales of the west of Ireland le James Berry (in eagar ag Gertrude M. Horgan, Roinn Litríocht an Bhéarla, Coláiste Aquinas, Grand Rapids, Michigan) i bhfoirm leabhair go dtí 1966. In The Mayo News 1910–13 a cuireadh i gcló den chéad uair iad.

I mBun Abhann, Cluain Cearbán, Co. Mhaigh Eo a rugadh Berry in 1842. John a bhí ar a athair. Ba chol ceathar lena mháthair, Bridget O’Malley, an tArdeaspag Mac an Mhílidh. Ba sheanuncailí leis an triúr Agaistíneach i mainistir Mhuraisc: Ned, Own Bawn agus Owlan O’Fergus. I scoileanna scairte a cuireadh oideachas air agus bhí a uncail, an tAthair Éamonn Ó Máille, sagart paróiste Charna, mar oide aige freisin. I Salamanca a oirníodh é siúd. Bhí sé ar chuairt ag an uncail seo i gCarna nuair a casadh Sarah Greene air. Phós siad agus shocraigh síos ar fheirm ann. Bhí seisear iníonacha agus cúigear mac acu. Phós duine díobh, Margaret, Henry Carey, pílear ó Ghlinnte Aontroma agus bhí mac leosan, Hugo Carey, ar fhoireann na Gaillimhe a bhuaigh Craobh na hÉireann sa pheil i 1934.

Dúirt Berry gur ó bhéalaithris a scríobh sé na scéalta. Ach bhí tuairim á nochtadh gurbh é féin a chum cuid díobh. Is é an freagra a thug sé air sin gurbh ón seanchaí ab fhearr i gCúige Chonnacht a bhí sé ag foghlaim na scéalaíochta ar feadh naoi mbliana.

I gcóipleabhair mhóra a bhí na scéalta scríofa aige, iad á n-ullmhú aige le haghaidh a bhfoilsithe i bhfoirm leabhair. Roimh bhás dó ar 4 Meitheamh 1914 thug sé ar a bhanchéile na cóipleabhair a dhó ar eagla aon duine bheith ag baint leo.

I Maínis atá sé curtha. Tá aiste ina thaobh ag a iníon in An Choinneal, Samhradh 1963, agus cuntas ag Gertrude Horgan air in Tales of the west of Ireland.