Bhailigh sé béaloideas in oirthear na Gaillimhe agus ar an teorainn idir Gaillimh agus an Clár i rith 1937-40 nuair a bhí cainteoirí dúchais Gaeilge beo go fóill sna dúthaí sin. A bhfuil de bhéaloideas in Memories in Time: Folklore of Beithe 1800-2000(2003) le Caoilte Breatnach tá sé bunaithe, den chuid is mó de, ar ar bhailigh sé agus tá cuid mhaith tagairtí dó sa leabhar sin. Scríobh Pádraig Ó Baoill cuntas gairid air in Glórtha Ár Sinsear: Béaloideas Oirdheisceart na Gaillimhe (2005) curtha in eagar ag Pádraig Ó Baoill agus Feargal Ó Béarra (i gcomhar le Loughrea History Project).

Sna Cairthíní Beaga i bparóiste Sheaneaglais in aice leis an nGort, Co. na Gaillimhe, a rugadh é 25 Márta 1908. Ina theastas pósta tugtar ainm a mháthar, rud fíorannamh, chomh maith le hainm a athar: Michael Flanagan, feirmeoir, agus Catherine Harte. Nuair a bhí daonáireamh 1911 á dhéanamh sna Cairthíní Beaga cuireadh síos go raibh idir Ghaeilge agus Bhéarla ag Michael agus Catherine. Dúradh ann gur rugadh deichniúr dóibh a raibh ochtar díobh beo. Is i ndiaidh 1911 a rugadh Joe, an mac ab óige, agus, b’fhéidir, beirt eile iníonacha. Dar leis an Daonáireamh sin ní raibh Gaeilge ach amháin ag na páistí a bhí in aois scoile. Breac-Ghaeltacht ba ea an ceantar. In Glórtha Ár Sinsear deirtear: ‘B’fhearr lena athair Micheál a pháistí a thógáil le Béarla agus níor ceadaíodh Gaeilge sa teach dá bharr. I ngan fhios dó, áfach, labhair an mháthair mhór Gaeilge leis na páistí agus léirigh Seán an-suim inti go háirithe.’ I nDaonáireamh 1901 bhí buachaill agus cailín aimsire sa teach agus ní raibh Gaeilge acu; i 1911 níor luadh ach seirbhíseach amháin.

Óna óige bhí dúil ag Seán sa bhéaloideas a bhí ag seanchainteoirí Gaeilge na comharsanachta. Creideann a mhuintir gur chaith sé tréimhse ghairid, sé mhí nó bliain, in ord de La Salle. Ach in Memories in Time deir col ceathar leis go ndeachaigh sé isteach sna Bráithre Críostaí ar feadh seacht mbliana agus gur de dheasca tinnis a d’fhág sé an t-ord. Gur mhothaigh sé ‘go raibh an córas smachta ródhian’ an rud atá luaite in Glórtha Ár Sinsear. Más sna Bráithre Críostaí a bhí sé, ní raibh sé ach tuairim 24 nó 25 bliana d’aois, shílfeá, nuair a d’fhág sé iad; deir an col ceathar céanna gur chaith sé tamall de bhlianta ag múineadh i scoileanna náisiúnta Loch Cútra agus Lorga. Tá i gcló in Béaloideas, Meitheamh 1935 scéal ar Naomh Pádraig a bhailigh sé. Bhí sé fostaithe mar bhailitheoir lánaimseartha ag Coimisiún Béaloideasa Éireann ó 1 Deireadh Fómhair 1937 go 31 Eanáir 1940. Is léir ar mhiontuairiscí an Choimisiúin go raibh tuarastal £150 sa bhliain aige nuair a ceapadh é agus gur dóigh gur cuireadh go substaintiúil leis i ndiaidh na chéad bhliana. Ó 1937 amach bhí cabhair airgid le fáil ag bailitheoirí chun carr a cheannach. Bhíothas ríshásta lena chuid oibre.

Scríobh sé chuig an gCoimisiún 16 Eanáir 1940 go raibh drochshláinte air le tamall agus go gcaithfeadh sé éirí as an obair. Is é atá sna miontuairiscí: ‘Cúis aiféala dob ea é gurbh éigean dó éirí as an mbeart ach ní raibh leigheas air. B’fhéidir gurbh fhéidir é a fhostú ar ball dá bhfilleadh a shláinte air. Togha fir dob ea é fhaid is bhí an misneach agus an tsláinte aige, agus dhein sé sárobair i Sliabh Eachtaí, ar an dteorainn idir Co. an Chláir agus Co. na Gaillimhe.’

Ó phointe éigin ama ina dhiaidh sin bhí sé ina mhúinteoir i scoileanna náisiúnta i gcontaetha na Gaillimhe, an Longfoirt, Ros Comáin agus Uíbh Fhailí. Is dóigh lena mhuintir gur chaith sé breis is tríocha bliain leis an gceird agus gurbh i gColáiste Oiliúna de La Salle a bhain sé dintiúirí amach. Phós sé Agnes Jacob i nDarú, Co. Laoise, 16 Samhain 1959 agus is in aice le Ros Cré, ag Mount Pleasant sa Phailís (Blueball) in Uíbh Fhailí, a bhí cónaí orthu. Bhí iníon agus beirt mhac acu. In Béaloideas 56, 1988 tá a ainm ar liosta bhaill oinigh an Chumainn le Béaloideas (liosta a foilsíodh den chéad uair san uimhir sin); ba é ‘Notre Dame’, Doire Mór, Ros Cré, a sheoladh ag an am. D’éag Seán 11 Márta 1996. Deirtear gur chaith a dheartháir Joe tamall ag bailiú ábhair don Choimisiún go páirtaimseartha agus go ndeachaigh a dheirfiúracha, an cúigear díobh, isteach sna mná rialta.

Tá scríofa gur líon Seán 9,000 leathanach le hábhar don Choimisiún. Is finscéalta gairide agus ábhar a bhaineann le stair áitiúil, piseoga, leigheasanna, logainmneacha, nósanna etc. is mó a bhailigh sé chomh maith le hamhráin. Bhí carr aige cuid den am i rith na hoibre agus mótar-rothar uaireanta eile. Thug an Coimisiún éideafón dó chun gurbh fhearr agus gurbh fhusa a d’éireodh leis an t-ábhar a scríobh ach is minic a b’fhearr leis dul i muinín a chuimhne.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú