Bhí an scoláire seo ina údar ar phrós Gaeilge an 18ú haois agus ar ghnéithe eile den chéad sin. Tá cuntas air ag Risteárd Ó Glaisne in De bhunadh Protastúnach nó rian Chonradh na Gaeilge, 2000 agus tá cuntais iarbháis in Irish Times 30 Aibreán 2005 agus ag Andrew Carpenter agus Ian Campbell Ross in Eighteenth-Century Ireland: Iris an dá chultúr, 20, 2005. Nuair a rugadh é 19 Samhain 1943 is i dTír an Iúir, Baile Átha Cliath, a bhí cónaí ar a thuismitheoirí, Reg Harrison, abhcóide, agus a bhean Marjorie McIlveen. Is mar bhall d’Eaglais na hÉireann a tógadh é. Tar éis meánoideachais i gColáiste Wesley, Baile Átha Cliath, roghnaigh sé staidéar a dhéanamh ar Laidin agus Gaeilge i gColáiste na Tríonóide; ba í an Ghaeilge a phríomhábhar. David Greene a bhí mar ollamh aige agus bhí Máirtín Ó Cadhain ar dhuine dá léachtóirí. Bhí sé ina bhall den Chumann Gaelach sa choláiste agus chaitheadh tamaill i nGaeltacht Chiarraí. An chrosánacht ba ábhar dá thráchtas PhD (1973). I 1967 ceapadh é ar fhoireann Roinn na Gaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Bhí sé ar ball ina léachtóir sinsearach agus rinne comhollamh de i 1994.

Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí an Eighteenth Century Ireland Society agus ina eagarthóir tamall ar a n-iris. Is léir ar liosta a leabhar an dúspéis a bhí aige i stair an 17ú haois agus an 18ú haois. Bhí sé ar dhuine d’eagarthóirí The Field Day Anthology of Irish Writing, 1991 agus bhíodh aistí léannta aige i mórchuid irisí: Études Irlandaises, Cahiers de Gita, Irish University Review, Éigse, Celtica .... Bhí sé ina bhall de Bhord Stiúrtha Scoil An Léinn Cheiltigh (Institiúid Ard-léinn Bhaile Átha Cliath) agus ina iontaobhaí ag AFS International, eagraíocht a bunaíodh chun tuiscint ar chultúir a chéile a chur chun cinn i measc náisiúin an domhain.

Fear mór rugbaí ba ea é agus d’imríodh ar fhoireann Choláiste na Tríonóide agus Old Wesley. Bhí dúil aige freisin sa bhadmantan, sa scuais agus sa tseoltóireacht. ‘He was passionate and knowledgeable about birds. Not only could he identify the songs of every bird but he could also respond, mimicking their song. A walk in the woods with him was a fascinating experience’ (Irish Times). Bhí sé pósta ar Corinne Dennison agus bhí mac acu. D’éag sé 22 Aibreán 2005 agus tá sé curtha i nGráinseach an Déin, Co. Bhaile Átha Cliath.

Is iad a chuid leabhar: An chrosántacht, 1979; Ag cruinniú meala: Anthony Raymond (1675-1726) agus léann na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, 1988; Irish trickster, 1989 (aintraipeolaíocht); Béal eiriciúil as Inis Eoghain: John Toland (1670-1722), 1994; i gcomhpháirt le Richard agus Philip McGuinness chuir sé eagar ar shaothar Toland, Christianity not mysterious, 1996; i gcomhpháirt le Máiri Nic Gill-Fhinnein chuir sé eagar ar Seanchas Annie Bhán, 1997 (béaloideas a bhailigh Gordon Mac Gill-Fhinnein ó dheirfiúr le Séamus Ó Grianna agus Seosamh Mac Grianna); The Dean’s friend: Anthony Raymond, 1999.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú