Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Seanchas Ard Mhacha agus chaith tamall de bhlianta ina uachtarán ar Chomhaltas Uladh. Tá an fheartlaoi a scríobh a mhac Cormac i gcló in Seanchas Ard Mhacha 17, 1998; in An tUltach, Bealtaine 1998 tá ‘Saothar Phadaí’ le Cathal Ó Diolúin; tá ‘Pádraig Ó hÁdhmaill’ le Gearóid Mac Giolla Domhnaigh san iris chéanna, Meitheamh 1998. I Sráid Thomáis, Ard Mhacha, a rugadh é ar 1 Lúnasa 1916. Peter James Hamill, bearbóir, a athair agus ba í Winifred Christina O’Frial [sic] [Úna Ní Fhrighil] a mháthair. Cainteoir dúchais Gaeilge ó Fhánaid, Co. Dhún na nGall, ba ea Úna. Bhí Padaí ar scoil in Ard Mhacha, ag na Bráithre Críostaí ar dtús agus ansin i Scoil Ghramadaí Naomh Pádraig. Bhí cáil mar lúthchleasaí air ina óige. Thug Scoláireacht an Rí é go Coláiste Oiliúna Mhuire in Strawberry Hill i Sasana. Cé is moite de thamaill ghairide i Lios Liath, Doire, agus i dTulach Mhór is ag múineadh i mbunscoil ina pharóiste féin i gcathair Ard Mhacha a chaith sé an chuid is mó dá shaol; bhí sé ina phríomhoide ann ó thart ar 1957. Bhí sé pósta ar Mháire Ní Ghormáin agus thóg siad a gcúigear leanaí le Gaeilge. Ar feadh a shaoil bhí an Ghaeilge á cur chun cinn aige sa cheantar. Bunaíodh Coiste Ceantair in Ard Mhacha i 1942 agus bhí ranganna Gaeilge agus ranganna rincí á eagrú sna bailte timpeall ar Ard Mhacha. Fostaíodh Aodh Ó Duibheannaigh chun cuidiú leis an obair. In Gaeltacht Thír Chonaill: Ó Ghleann go Fánaid, 2000 deir Pádraig Ó Baoighill: ‘Ba i 1945 a chuir Pádraig Ó hÁdhmaill as Ard Mhacha ... tús le Coláiste Uladh [i Loch an Iúir]. Bhí Ó hÁdhmaill ag teagasc i gColáiste Bhríde i Rann na Feirste agus bhí sé eolach ar Loch an Iúir mar áit a bheadh fóirstineach do choláiste Gaeilge ag an am.’ Padaí a bhí i mbun an choláiste sin ar feadh i bhfad agus is mic léinn ó Ard Mhacha an dream ba líonmhaire ann. D’éag sé ar 17 Márta 1998.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú