Ó hÁDHMAILL, Pádraig (1916-1998) Pádraig Ó hÁDHMAILL 1916 1998 Sráid Thomáis, Ard Mhacha M Scoil na mBráithre Críostaí, Ard Mhacha Scoil Ghramadaí Naomh Pádraig, Bóthar na hArdeaglaise, Ard Mhacha Coláiste na hOllscoile Naomh Muire, Twickenham, Londain múinteoir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Seanchas Ard Mhacha agus chaith tamall de bhlianta ina uachtarán ar Chomhaltas Uladh. Tá an fheartlaoi a scríobh a mhac Cormac i gcló in Seanchas Ard Mhacha 17, 1998; in An tUltach, Bealtaine 1998 tá ‘Saothar Phadaí’ le Cathal Ó Diolúin; tá ‘Pádraig Ó hÁdhmaill’ le Gearóid Mac Giolla Domhnaigh san iris chéanna, Meitheamh 1998. I Sráid Thomáis, Ard Mhacha, a rugadh é ar 1 Lúnasa 1916. Peter James Hamill, bearbóir, a athair agus ba í Winifred Christina O’Frial [sic] [Úna Ní Fhrighil] a mháthair. Cainteoir dúchais Gaeilge ó Fhánaid, Co. Dhún na nGall, ba ea Úna. Bhí Padaí ar scoil in Ard Mhacha, ag na Bráithre Críostaí ar dtús agus ansin i Scoil Ghramadaí Naomh Pádraig. Bhí cáil mar lúthchleasaí air ina óige. Thug Scoláireacht an Rí é go Coláiste Oiliúna Mhuire in Strawberry Hill i Sasana. Cé is moite de thamaill ghairide i Lios Liath, Doire, agus i dTulach Mhór is ag múineadh i mbunscoil ina pharóiste féin i gcathair Ard Mhacha a chaith sé an chuid is mó dá shaol; bhí sé ina phríomhoide ann ó thart ar 1957. Bhí sé pósta ar Mháire Ní Ghormáin agus thóg siad a gcúigear leanaí le Gaeilge. Ar feadh a shaoil bhí an Ghaeilge á cur chun cinn aige sa cheantar. Bunaíodh Coiste Ceantair in Ard Mhacha i 1942 agus bhí ranganna Gaeilge agus ranganna rincí á eagrú sna bailte timpeall ar Ard Mhacha. Fostaíodh Aodh Ó Duibheannaigh [q.v.] chun cuidiú leis an obair. In Gaeltacht Thír Chonaill: Ó Ghleann go Fánaid, 2000 deir Pádraig Ó Baoighill: ‘Ba i 1945 a chuir Pádraig Ó hÁdhmaill as Ard Mhacha ... tús le Coláiste Uladh [i Loch an Iúir]. Bhí Ó hÁdhmaill ag teagasc i gColáiste Bhríde i Rann na Feirste agus bhí sé eolach ar Loch an Iúir mar áit a bheadh fóirstineach do choláiste Gaeilge ag an am.’ Padaí a bhí i mbun an choláiste sin ar feadh i bhfad agus is mic léinn ó Ard Mhacha an dream ba líonmhaire ann. D’éag sé ar 17 Márta 1998.