Tá cuntas gairid ag Nioclás Mac Craith in An Linn Bhuí 2, 1998. I gCill Mhichíl, Co. Chorcaí, a rugadh an tréidlia seo. I gColáiste Ollscoile Chorcaí a cháiligh sé; bhí sé ina chaptaen ar fhoireann an Choláiste a bhuaigh Corn Sigerson. Bhí an Ghaeilge ó dhúchas aige. ‘Bhí mire meanman ealaíonach ag góilt leis, spreagadh agus spíonnadh, agus tar éis duit seanchas a dhéanamh leis ar chúis na Gaelainne, bheadh dhá chroí agat.’ I gCluain Meala a bhí cónaí air an chuid is mó dá shaol. D’éag sé 14 Samhain 1997.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú