Ó DROMA, Liam (1910-1997) Liam Ó DROMA 1910 1997 Cill Mhichíl, Co. Chorcaí M Coláiste na hOllscoile, Corcaigh tréidlia Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Tá cuntas gairid ag Nioclás Mac Craith in An Linn Bhuí 2, 1998. I gCill Mhichíl, Co. Chorcaí, a rugadh an tréidlia seo. I gColáiste Ollscoile Chorcaí a cháiligh sé; bhí sé ina chaptaen ar fhoireann an Choláiste a bhuaigh Corn Sigerson. Bhí an Ghaeilge ó dhúchas aige. ‘Bhí mire meanman ealaíonach ag góilt leis, spreagadh agus spíonnadh, agus tar éis duit seanchas a dhéanamh leis ar chúis na Gaelainne, bheadh dhá chroí agat.’ I gCluain Meala a bhí cónaí air an chuid is mó dá shaol. D’éag sé 14 Samhain 1997.