Bhí sé ina Stiúrthóir ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge ó 1984 go 1986. Tá cuntas iarbháis ag Bláthnaid Ó Brádaigh in Foinse 22 Iúil 2001. Sa bhFéar Bán, Co. Uíbh Fhailí, a rugadh é. Cháiligh sé mar bhunmhúinteoir ach chuaigh isteach san Arm agus i 1942 tugadh coimisiún captaein dó agus bhí sé sa Chéad Chath i nGaillimh. D’fhág sé an tArm i 1958 agus bhí fostaithe tamall ag Gael Linn. I 1969 ceapadh é ina rúnaí ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge. Deir Ó Brádaigh: ‘Lasmuigh de na gnáthdhualgais a bhí air, ghlac sé tosaíocht i nithe ar leith a bhfuil a lorg agus a dtionchar fós le brath ar shaol na Gaeilge. Luaim ach go háirithe bunú Ghaelscoil an tSeachtair Laoch i mBaile Munna agus an Coiste Tacaíochta a chuir sé ar bun—coiste a raibh mé féin páirteach ann. Ba as na hiarrachtaí seo a d’fhás an eagraíocht Gaelscoileanna.’ Bhí rúnaíocht Chomhchoiste na gColáistí Samhraidh faoina chúram 1969-84. Ba é a mhisnigh Comhaltas Ceoltóirí Éireann chun tús a chur le Comórtas Labhairt na Gaeilge a bheith ar chlár Fhleá Cheoil na hÉireann. Bhí sé ar bhunaitheoirí Chomharchumann Ráth Chairn i 1972 agus chaith fiche bliain ar an gcoiste. Ba bhall é den ghrúpa beag a bhunaigh Coiste Chomóradh an Phiarsaigh, 1978 (Fundúireacht an Phiarsaigh anois). Bhí spéis mhór aige i gCumann Lúthchleas Gael agus bhí sé ina bhall de choiste na Gaeilge sa Chumann. Bhí sé ar fhoireann peile Uíbh Fhailí agus ar fhoireann an Airm agus d’imir ar fhoireann Laighean i 1948 agus arís i 1949. Bhí triúr clainne aige féin agus a bhean Mollie. D’éag sé 18 Iúil 2001.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú