MCMAHON, Bryan (1909–1998)
Le caoinchead ó Chnuasach Bhéaloideas Éireann, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

Thug an scríbhneoir cáiliúil seo tacaíocht do ghluaiseacht na teanga i rith na coda is mó den 20ú haois. I Lios Tuathail, Co. Chiarraí, a rugadh é ar 29 Meán Fómhair 1909. Ba iad Patrick MacMahon agus Joanna Caughlin a thuismitheoirí. Tar éis meánoideachais i gColáiste Mhichíl, Lios Tuathail, cháiligh sé ina bhunoide i gColáiste Phádraig, Droim Conrach. Ó 1942 amach bhí sé ina phríomhoide i Scoil Náisiúnta Lios Tuathail. Scríobh sé i mBéarla úrscéalta, gearrscéalta, drámaí, glóir-réimeanna, bailéid, agus saothar ilchineálach. Dírbheathaisnéis is ea The Master, 1992 agus tá ábhar dírbheathaisnéisiúil in The Storyman, 1994. D’aistrigh sé Peig go Béarla i 1974. Bhí sé pósta ar Catherine Ryan agus bhí cúigear mac acu. D’éag sé ar 13 Feabhra 1998.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú