McMAHON, Bryan (1909-1998) Bryan McMAHON 1909 1998 Lios Tuathail, Co. Chiarraí M Coláiste Mhichíl, Lios Tuathail, Co. Chiarraí Coláiste Phádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath scríbhneoir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Thug an scríbhneoir cáiliúil seo tacaíocht do ghluaiseacht na teanga i rith na coda is mó den 20ú haois. I Lios Tuathail, Co. Chiarraí, a rugadh é ar 29 Meán Fómhair 1909. Ba iad Patrick MacMahon agus Joanna Caughlin a thuismitheoirí. Tar éis meánoideachais i gColáiste Mhichíl, Lios Tuathail, cháiligh sé ina bhunoide i gColáiste Phádraig, Droim Conrach. Ó 1942 amach bhí sé ina phríomhoide i Scoil Náisiúnta Lios Tuathail. Scríobh sé i mBéarla úrscéalta, gearrscéalta, drámaí, glóir-réimeanna, bailéid, agus saothar ilchineálach. Dírbheathaisnéis is ea The Master, 1992 agus tá ábhar dírbheathaisnéisiúil in The Storyman, 1994. D’aistrigh sé Peig go Béarla i 1974. Bhí sé pósta ar Catherine Ryan agus bhí cúigear mac acu. D’éag sé ar 13 Feabhra 1998.