Ba é seo an chéad cheann foirne a bhí ag an IRA Sealadach i ndiaidh na scoilte sa ghluaiseacht phoblachtach i 1969. Scríobh sé a dhír­bheathaisnéis, Revolutionary in Ireland, 1975 agus tá cuntas iarbháis in Irish Times 26 Bealtaine 2001. Ball gníomhach de Chonradh na Gaeilge ba ea é, i gContae na Mí go háirithe. I Leytonstone, Londain, a rugadh é (John Edward Drayton Stephenson) ar 17 Feabhra 1928. Ní léir cén bhaint a bhí ag a mhuintir le hÉirinn. Rinne sé an tseirbhís éigeantach náisiúnta sa RAF i 1945 agus is ina dhiaidh sin a thosaigh sé ag cur spéise i gcúrsaí na hÉireann agus ag foghlaim Gaeilge. Bhí sé rannpháirteach i 1953 sa ruaig a tugadh ar armlann Scoil Phoiblí Felstead agus gearradh cúig bliana príosúnachta air. Chuir sé faoi in Éirinn nuair a scaoileadh saor é. Lean a bhallraíocht san IRA agus faoi 1966 bhí sé ina oifigeach eolais acu. Ba é a bhí i gceannas thoscaireacht an IRA a bhuail le William Whitelaw, an Rúnaí Stáit, i rith sos cogaidh 1972. Go luath ina dhiaidh sin gabhadh é agus rinne sé stailc ocrais a mhair 57 lá. Meastar gur tháinig deireadh lena cheannasaíocht san IRA an lá a gabhadh é. Bhí baint aige leis an bhfeachtas a bhí ar bun chun a thabhairt ar RTÉ níos mó Gaeilge a chraoladh agus bhí sé orthu sin a cuireadh i bpríosún faoi dhiúltú ceadúnas teilifíse a cheannach. D’éag sé ar 18 Bealtaine 2001. As Baile an Róistigh, Co. Chorcaí, dá bhanchéile Máire agus bhí triúr iníonacha acu.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú