DE BRÚN, Séamus (1911–2003)

‘A lifelong promoter of Irish language and culture’ an cheannlíne ar an gcuntas iarbháis in The Irish Times 15 Márta 2003. Bhí cuntas freisin in Foinse 16 Márta 2003 agus in 14 Márta 2003. I gCorr na Móna, Co. na Gaillimhe, a rugadh é 1 Deireadh Fómhair 1911. Ba iad Tadhg de Brún agus Kit de Búrca a thuismitheoirí agus bhí cúigear eile clainne acu. Thug scoláireacht é go Coláiste Chonnacht, Tuar Mhic Éadaigh, Co. Mhaigh Eo, mar ar bhain sé cáilíocht mhúinteora Gaeilge amach. I Sligeach a bhí sé ag teagasc agus ag timireacht go dtí 1944 nuair a d’fhostaigh Coiste Gairmoideachais Chontae Ros Comáin é. Bhí sé tamall gairid ag múineadh na teanga in Ail Finn sular thosaigh sé i gCeardscoil an Chaisleáin Riabhaigh. Chuaigh sé amach ar pinsean i 1977. ‘Ar feadh tríocha bliain, ó 1958 amach, bhí sé ina léachtóir ag an Roinn Oideachais ar chúrsa samhraidh don Teastas Timire Gaeilge—cúrsa speisialta ar mhodhanna múinte teanga agus imeachtaí cultúrtha’ (The Irish Times). Lean a chaidreamh le Coláiste Chonnacht ar feadh i bhfad, é mar chomhairleoir ar chúrsaí samhraidh acu agus mar mhúinteoir. Is le Comhaltas Ceoltóirí Éireann thar aon eagraíocht eile atá a ainm snaidhmthe; bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí na craoibhe sa Chaisleán Riabhach, ina rúnaí ag Comhairle Chonnacht, ina iontaobhaí ag an eagraíocht náisiúnta ar feadh tréimhse fada, agus, idir 1970 agus 1973, ina uachtarán acu. Chuir sé ar fáil foclóir agus téarmaíocht a d’oir don eagraíocht sin go speisialta. Ball de Choiste Oireachtas na Gaeilge ba ea é ar feadh i bhfad agus ba mhinic é féin agus a bhean Bríd ag moltóireacht ar chomórtais cheoil na féile sin. Ball de Chomhairle Raidió na Gaeltachta ba ea é ar feadh 15 bliana. Deirtear gurbh é an t-aon duine riamh é ar bronnadh na trí ghradam seo air: Gradam an Phiarsaigh (1993); Gradam an Oireachtais (2002), Gradam Chomhaltas Ceoltóirí Éireann (2002).

Ball d’Fhianna Fáil ba ea é agus toghadh é ar Choiste Gnó an Pháirtí. D’ainmnigh an Taoiseach Seán Ó Loingsigh é ina Sheanadóir i 1977. I 1982 agus arís i 1983 ba iad Comhaltas Ceoltóirí Éireann a chuir a ainm suas don Phainéal Cultúrtha agus Oideachais agus toghadh é an dá bhabhta. ‘Ar feadh deich mbliana níor chaill sé aon ócáid le leas na teanga a chur chun cinn agus bhí sé ina bhall de Choiste na Gaeilge i dTithe an Oireachtais’ (Foinse). D’éag sé 5 Márta 2003 in Ospidéal Réigiúnda Luimnigh agus tá sé curtha i Reilig Naomh Seosamh sa Chaisleán Riabhach. I gColáiste Chonnacht a casadh Bríd Ní Eadhra air agus phós siad i 1944. D’éag Bríd i dtimpiste bóthair i 1998. Bhí iníon agus beirt mhac acu.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú