Tá cuntas air ag Bo Almqvist in Béaloideas 60-1, 1992-3. Bhí sé ag obair mar oifigeach taifeadta le Coimisiún Béaloideasa Éireann agus níos deireanaí mar bhailitheoir agus mar chartlannaí. Ba é a athair Michael Corduff, a bhí tamall ina bhall den Chonstábhlacht Ríoga agus ar ball ina bhailitheoir béaloidis i gContae Mhaigh Eo, agus ba í Ann Gannon a mháthair. Deartháir leis Anraí Ó Corrduibh a bhí gníomhach i Muintir na Gaeltachta agus a chaith tamall ag bailiú béaloidis. I Ros Dumhach, Co. Mhaigh Eo, a d’fhás sé suas. Deir Almqvist: ‘Ach an éacht ba mhó a rinne Leo, agus ba éacht a bhí ann cinnte, an obair pháirce go léir a dhein sé, go háirithe ó thaobh taifead fuaime de. Thaistil sé ar fud na tíre agus an trealamh fuaime aige ag bailiú leis agus ag breacadh ábhair ar téip’. Amhránaí binn ba ea é: ‘Ba mhór an chabhair an dúchas ceoil seo aige agus é i mbun bailithe. Thuig sé an t-amhránaí agus na hamhráin agus thuig an tábhacht a bhain le taifead fuaime a dhéanamh den cheol.’ Bhailigh sé a lán amhrán ó Róise Bean Mhic Ghrianna. Chuir sé go mór freisin le cartlann ghrianghrafanna Roinn Bhéaloideas Éireann. D’éag sé 21 Samhain 1992. Bhí an polaiteoir Niall Blaney pósta ar a dheirfiúr Eva.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú