CORDUFF, Leo (1929-92) Leo CORDUFF 1929 1992 M mórbhailitheoir béaloidis [B9] bailitheoir béaloidis Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Tá cuntas air ag Bo Almqvist in Béaloideas 60-1, 1992-3. Bhí sé ag obair mar oifigeach taifeadta le Coimisiún Béaloideasa Éireann agus níos deireanaí mar bhailitheoir agus mar chartlannaí. Ba é a athair Michael Corduff, a bhí tamall ina bhall den Chonstábhlacht Ríoga agus ar ball ina bhailitheoir béaloidis i gContae Mhaigh Eo, agus ba í Ann Gannon a mháthair. Deartháir leis Anraí Ó Corrduibh [B5] a bhí gníomhach i Muintir na Gaeltachta agus a chaith tamall ag bailiú béaloidis. I Ros Dumhach, Co. Mhaigh Eo, a d’fhás sé suas. Deir Almqvist: ‘Ach an éacht ba mhó a rinne Leo, agus ba éacht a bhí ann cinnte, an obair pháirce go léir a dhein sé, go háirithe ó thaobh taifead fuaime de. Thaistil sé ar fud na tíre agus an trealamh fuaime aige ag bailiú leis agus ag breacadh ábhair ar téip’. Amhránaí binn ba ea é: ‘Ba mhór an chabhair an dúchas ceoil seo aige agus é i mbun bailithe. Thuig sé an t-amhránaí agus na hamhráin agus thuig an tábhacht a bhain le taifead fuaime a dhéanamh den cheol.’ Bhailigh sé a lán amhrán ó Róise Bean Mhic Ghrianna [B2]. Chuir sé go mór freisin le cartlann ghrianghrafanna Roinn Bhéaloideas Éireann. D’éag sé 21 Samhain 1992. Bhí an polaiteoir Niall Blaney pósta ar a dheirfiúr Eva.