Bhí an staraí agus an polaimiceoir seo ar dhuine díobh sin a chuir bréaga ar Giraldus Cambrensis. Deir Clare Carroll in The Irish in Europe..., 2001 in eagar ag Thomas O’Connell (‘Custom and law in the philosophy of Suárez and in the histories of O’Sullivan Beare, Céitinn and Ó Cléirigh’): ‘All three histories – the Compendium of O’Sullivan Beare, the Foras feasa of Céitinn, and the Annals of the Four Masters – were acts of self conscious historical and cultural definition, that later became important for 19th century cultural nationalism.’

I mBéarra, Co. Chorcaí, a rugadh an mac seo le Diarmuid ar dheartháir é leis an taoiseach cáiliúil Domhnall Ó Súilleabháin Béarra (1560–1618). Is cosúil go raibh ceithre dhuine déag clainne ag Diarmuid agus a bhean Juana Nic Shuibhne agus go ndeachaigh siad go léir beagnach chun na Spáinne; ag Ciaran O’Shea sa chaibidil ‘The Irish Catholic exile in early-modern Galicia, 1598–1666) in The Irish in Europe... tá tagairtí d’uacht Dhiarmuid agus dá iníonacha Leonar agus Elena, agus dá mhac Domhnall. I gCompostella sa Spáinn a cuireadh oideachas ar Philib sular chaith sé tréimhse mar shaighdiúir i gcabhlach na Spáinne.

Is é Historiae Catholicae Iberniae compendium, Liospóin, 1621 an saothar is iomráití dá chuid: baineann sé le ról a mhuintire i stair na hÉireann agus le páirt na hÉireann sa troid in aghaidh an Phrotastúnachais agus tá a bhfuil aige ann i dtaobh Chogadh na Naoi mBlian bunaithe ar eolas a fuair sé óna athair; tugadh amach eagrán le Matthew Kelly in 1850. Tá cuntas ann freisin ar an tamall a chaith sé mar bhall de dhíorma ar bord loinge ag cosaint lasta seod agus maoine ar fhoghlaithe mara. Is ag bréagnú na dtuairiscí ar Éirinn a thug leithéidí Giraldus Cambrensis, Richard Stanyhurst agus John Dempster atá sé in Vindiciae Hiberniae Contra Giraldum Cambrensem et alios, vel Zoilomastigis liber primus, saothar a dtugtar Zoilomastix air go minic. Scríobh sé é i 1625 ach níor cuireadh i gcló é ag an am sin. D’fhoilsigh Coimisiún na LámhscríbhinníSelections from the Zoilomastix, 1960, in eagar ag Thomas O’Donnell, i ndiaidh gur thángthas ar chóip i leabharlann Ollscoil Uppsala. Scríobh sé leabhar eile in aghaidh na gcroinicithe Angla-Éireannacha, ‘Tenebriomastix’, ach níl teacht air. Faoin gceannteideal ‘Archicornigeromastix sive Jacobi Usheri Heresiarchae’, thug sé faoi James Ussher in aguisín a chuir sé le Patriciana Decas, 1629, beathaisnéis Naomh Pádraig. I mbliain 1634, chuir sé beathaí naomh eile chuig Johannes Bollandus agus níl tuairisc air ina dhiaidh sin. Ba dhóigh le Alfred Webb (Compendium of Irish biography, 1778) gurbh eisean an ‘Earl of Bearhaven’ a d’éag i Madrid i 1659 nó 1660. Ní móide gurbh é. Ba í Michelle Kerney-Walsh an t-údar ba mhó ar Éireannaigh sa Spáinn sa 17ú haois agus ní luann sí in Spanish Knights of Irish origin ..., 1968–78 teideal a bheith ag Pilib Ó Súilleabháin Béarra.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú