Úinéir lámhscríbhinní. Tá cuntas air in Dictionary of National Biography agus tá aiste dar teideal ‘Edmund Burke, Charles Vallancey and the Sebright manuscripts’ le Walter D. Love in Hermathena XCV, Iúil 1961. Ba mhac é le Sir Thomas Saunders Sebright agus Henrietta Dashwood agus tháinig sé in oidhreacht na bairnéadachta nuair a d’éag a dheartháir. Bhí eastát aige in Besford, Worcestershire. Bhí sé pósta ar Sarah Knight agus bhí beirt mhac agus beirt iníonacha acu. Bhí tamall caite aige ina oifigeach airm in Éirinn agus bhí ina fheisire thar ceann Bath 1761–80. D’éag sé ar 23 Feabhra 1794.

Bhí roinnt lámhscríbhinní de chuid Edward Lhuyd ceannaithe ag a athair i 1713 d’fhonn go bhféadfaí na fiacha a bhí ar an scoláire sin ag am a bháis a ghlanadh. Tháinig siad i seilbh John Sebright i 1761. Chonaic Edmund Burke iad i dteach Sebright agus bhí in ann a dtábhacht a thuiscint. Bhí a fhios aige go raibh Thomas Leland, leabharlannaí Choláiste na Tríonóide, ag scríobh stair na hÉireann agus chuir cúpla imleabhar, díobh chuige i 1769. Ní raibh Cathal Ó Conchubhair in ann brí a bhaint go hiomlán as an nGaeilge iontu, ach gan amhras bhí Charles Vallancey teann as a chumas féin sa teanga agus bhain leas astu in Essay on the antiquity of the Irish language, 1772 agus arís sa tsraith Collectanea de rebus hibernicis. Cuireadh na lámhscríbhinní ar ais chuig an mBúrcach ach rinne seisean moill ceithre nó cúig bliana sular thug ar ais do Sebright iad. Ba é Vallancey a chuir tús le feachtas chun go dtabharfaí na lámhscríbhinní ar ais go hÉirinn agus faoi Iúil 1781 bhí a aigne socair ag Sebright an t-iomlán a chur chuig Coláiste na Tríonóide. Bhí siad ar iasacht ag Vallancey ó shamhradh 1783 go Deireadh Fómhair 1786. Is dó a thugtar an chreidiúint gur tháinig siad go hÉirinn. Chuir Burke síos ar a pháirt féin san obair i litir chuig an nginearál: ‘My merit in this matter, or indeed rather my fortune, has only been the accidental discovery, at my friend Sir John Sebright’s, of the Irish manuscripts, of which you have made so good an use, and my sending them over to Ireland... mine is the sexton’s part in the sermon, who rung the bell for it’ (i gcló ag Love).

Deirtear in Catalogue of the Irish manuscripts in the library of Trinity College, Dublin (Abbottt agus Gwynn); ‘The importance of our Irish collection depends above all on the manuscripts presented to the library by Sir John Sebright.’

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú