Tá an t-easpag seo ar dhuine de staraithe agus naomhsheanchaithe Caitliceacha an 17ú haois. Gheofar eolas ar chúrsaí eaglasta agus polaitiúla a shaoil in Dictionary of National Biography agus ag Margaret Phelan in Kilkenny: History and Society. Interdisciplinary Essays on the History of an Irish County, 1990 in eagar ag Nolan agus Whelan (‘Richard de Ledrede, John Clyn, James Grace, David Rothe – the Earliest Chroniclers of Kilkenny’). Pléann Liam Chambers a shaothar Brigida thaumaturga (foilsíodh i bPáras 1620) agus tugann liosta tagairtí in The Irish in Europe 1580–1815, 2001 in eagar ag Thomas O’Connor (‘A displaced intelligensia: aspects of Irish Catholic thoughts in ancien régime France’). Tá tagairtí dá ról mar staraí agus mar scríbhneoir ag Benignus Millett in A new history of Ireland III, 1976 in eagar ag Moody, Martin agus Byrne (‘Irish Literature in Latin, 1550–1700’).

I gCill Chainnigh, mar a raibh a athair agus a mhuintirsean roimhe ina gceannaithe rathúla, a rugadh é. Ba mhac é le John Rothe, Cill Chainnigh, agus Lettice, iníon le John Rothe Fitzpiers i Ros Mhic Thriúin. Ar scoil Piers Rua Butler, Cill Chainnigh, a d’fhreastail sé. Oirníodh é i 1600 tar éis dó tamaill a chaitheamh i gcoláistí Douai agus Salamanca. Bhí sé ina ollamh le diagacht sa Róimh agus ina rúnaí ann ag Peter Lombard, Ardeaspag Ard Mhacha. Is mar protonotarius aspalda in Ard Mhacha a d’fhill sé ar Éirinn i 1610 agus bhí ag feídhmiú mar fhear ionaid ag Lombard. Ceapadh é ina easpag ar Osraí i 1618 agus bhí sé ina leas-Phríomháidh. Ba mhian leis an Frithreifirméisean a chur chun cinn agus oidhreacht Chríostaí na nGael a chosaint ach ba mhian leis a thaispeáint freisin go raibh Caitlicigh na hÉireann géilliúil don rí. I 1641 ba é ba mhó faoi deara dea-eagar a bheith ar Chomhchomhairle Chill Chainnigh, dar le John Lynch. Ní go rómhaith a réitigh sé le Rinuccini, Nuinteas an Phápa. Scríobh Rinuccini chun na Róimhe go raibh Rothe ró-aosta chun a dhualgais deoiseacha a chomhlíonadh agus, tamall gairid ina dhiaidh sin, ghearáin sé Rothe á rá gurbh é ba thúisce a dhiúltaigh géilleadh don urghaire ina n-aghaidhsean a bheadh sásta síocháin a dhéanamh le hIarla Inse Chuinn. I 1649 iompraíodh timpeall ar eileatram é chun friotháil ar thruáin a bhí ag fáil bháis den phlá. Nuair a bhí Cromail ar tí an chathair a ghabháil rinne sé iarracht ar éalu ach gabhadh é. D’éag sé sa chathair 20 Aibreán 1650.

Deir Margaret Phelan gurbh é an t-aon easpag in Éirinn é tamall ach ina ainneoin sin gur éirigh leis comhoibriú le Michél Ó Cléirigh agus leis an Ardeaspag James Ussher sa saothar staire a bhí ar siúl acu. Ba é an chéad saothar uaidh féin Analecta Sacra, 1616–19 (eagrán nua le P.F. Moran le hachoimre Béarla in 1884). Thuairiscigh sé ann a raibh fulaingthe ag Caitlicigh na hÉireann le linn réimeas Shéamuis I. Deir Millett go ndamnaíonn sé na plandálacha ann mar ‘national calamity’ in ainneoin gur de na Sean-Ghaill é féin. Is cuid den tráchtaireacht chomhaimseartha ar riocht na heaglaise in Éirinn é Brigida thaumaturga, c.1620, dar le O’Connor. Cosaint ar Éirinn agus ar naomhsheanchas na hÉireann in aghaidh Thomas Dempster is ea Hibernia resurgens, 1621. ‘With this publication Rothe joined forces with other Irish scholars abroad, in particular the Franciscans, who also had decided it was high time to put an end to the wholesale appropriation of their ancient Irish heritage by Scottish polemical writers’ (Millett). Deir Phelan gurbh é Hierographia Hiberniae, arbh é stair na hÉireann é, an saothar ba thábhachtaí uaidh ach gur cailleadh beagnach an t-iomlán i gCill Chainnigh i 1650.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú