Ní raibh ach baint imeallach aige leis an nGaeilge. Deir Proinsias Mac Cana (Collège des Irlandais Paris and Irish Studies, 2001): ‘However, as a member of the Irish community in Paris and as administrator of Collège des Lombards he could scarcely have been totally divorced from Irish studies.’ Ba é a scríobh The case of the Roman Catholics of Ireland, 1724, paimfléad nár chuir sé a ainm leis go dtí 1742 nuair a cuireadh é mar aguisín in athchló de The impartial history of Ireland le Hugh Reily. I 1772 d’aistrigh an scríobhaí Uilliam Ó Murchadha an t-iomlán faoin teideal Stair fhír-cheart ar Éirinn..., 1941, in eagar ag Nessa Ní Shéaghdha. Bhí sé ag áitiú go raibh na péindlithe ag sárú Chonradh Luimnigh. Bhí cuid de chóip de Leabhar Mór Leacáin, nó, b’fhéidir, aistriúchán den chuid sin, ina sheilbh uair agus thug sé cabhair do Anthony Raymond. D’aistrigh sé go Béarla cuntas Laidine Thomas Messingham ar Phurgadóir Phádraig.

Tá scéal a bheatha scríofa ag Patrick Fagan (Dublin’s turbulent priest Cornelius Nary [1658–1738], 1991). Sa Tobar in aice leis an Nás, Co. Chill Dara, a rugadh é. Feirmeoir láidir a athair agus cuireadh go Coláiste na nÉireannach i bPáras é. Dhealródh go bhfuair sé doctúireacht sa dlí, idir chanónta is shibhialta. Tar éis tamaill mar oide tí i Londain ag mac Iarla Aontroma tugadh paróiste Naomh Michan i mBaile Átha Cliath dó i 1699. Rinne sé séipéal maith mór de seanfhoirgneamh ag cúinne Lána an Tairbh (in aice leis an áit a bhfuil Lána na Bó inniu) agus Lána Mhuire, bhunaigh scoileanna agus chuir breitheanna, póstaí agus báis á dtaifeadadh i bhfad sular tosaíodh ar a leithéid a dhéanamh i bparóisti Caitlíceacha eile na cathrach. Chaith sé tamall éigin i bpríosún i 1702. Nuair nárbh fhéidir aitheantas a thabhaírt d’ardeaspag na cathrach is meas urlabhraí neamhoifigiúil na gCaitliceach a bhí air. Ó 1700 amach bhí sé sáite in aighneas le reachtaire Protastúnach an pharóiste agus scríobh paimfléad ina aghaidh. D’fhoilsigh sé The new testament of our Lord Saviour Jesus Christ newly translated out of the Latin Vulgate ..., 1705 agus tugadh amach aris é i 1713 agus 1719; tarraingíodh siar é nuair a fuarthas lochtach sa Róimh é toisc iarracht den Seansanachas a bheith ann. Tá cóipeanna den chéad eagrán fíorghann inniu. In Irish Ecclesiastical Record LIV, 1939 mhol an tAthair Hugh Pope an t-aistriúchán agus rinne impí go bhfoilseofaí arís é. I measc na leabhar eile a scríobh sé tá A new history of the world, 1724.

Nuair a crochadh Séamus Óg Mac Coitir i 1720 i ngeall ar éigniú mná ar bhall de Chumann na gCarad í, thuairiscigh Whalley’s Newsletter ráfla gur cuireadh paidreacha le hanam Mhic Coitir i séipéal Nary. D’éag sé ar 3 Márta 1738 agus cuireadh sa Tobar, Co. Chill Dara, é.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú