Tá cuntas ar an sagart seo ag Tadhg Ó Murchú in Faiche na bhFilí, 1962: in Parlaimint na mBan, 1977 in eagar ag Brian Ó Cuiv: ag Tadhg Ó Donnchadha in Seán na Ráithíneach, 1954; ag Breandán Ó Conchúir in Scríobhaithe Chorcaí..., 1982. I bparóiste Ghleann Maghair Uachtarach a rugadh é. Ba dhóigh le Dáibhí Ó Bruadair gurbh ó Chúige Uladh dá mhuintir. An tEaspag Piaras Craobhach a d’oirnigh ina shagart é i Ráth Chuanna i 1684. Faoi 1704 bhí sé ina shagart paróiste ar Ráth Chuanna agus cónaí air i dteach a mhuintire sa Chúil, dhá mhíle ó Charraig na bhFear. Ní dóigh go raibh gaol aige le Liam an Dúna Mac Cairteáin ná leis an Athair Ióseph Mac Cairteáin, a chomharba sa pharóiste. Is dealrach gur ina cheantar dúchais a bhí sé ag obair ó thosach deireadh. Paróiste an-mhór ba ea é. Scríobh an tEaspag Dive Downes i 1700: ‘Cornelius Curtin is popish priest of this parish (Teampall Loiscthe] and Kilroan, als. Ballideloghy and Racony, he has been many years in these parishes’ (i gcló ag Ó Cuiv). Tugtar sagart paróiste Ghleann Maghair air i gcáipéisí áirithe.

D’aistrigh sé go Gaeilge teagasc criostaí ó Laidin an tsagairt Phléimeannaigh Jacques Marchant (Hortus Pastorum sacrae doctrinae agus Catechismus Novus) faoin teideal Agallamh na bhFioraon nó Craobhsgaoile an Chreidimh Chaitlicidhe. Foilsíodh an réamhrá in Irisleabhar Mhuighe Nuadhad. 1913 ach níor foilsíodh an saothar féin. Deir sé go bhfuair sé cabhair ó phríomhúdair Chorcaí na haimsire sin: Eoghan Ó Caoimh; Diarmuid Mac Sheáin Buí Mac Cárthaigh; an tAthair Domhnall Ó Colmáin; agus ón Athair Donnchadh Mac Cárthaigh, fear a bheadh ina easpag ar ball. Seán Ó Murchadha na Ráithineach a scríobh an chóip is sine. Chum sé dréachtaí filíochta Gaeilge, Laidine agus Béarla. Scríobh sé caoineadh ar Dhiarmuid Mac Sheáin Buí Mac Cárthaigh, caoine Laidine ar Dháibhí Ó Bruadair agus dánta ar Shéamus Mac Coitir, ar Eoin Baiste Mac Sléighne, ar Thiarna Barrymore agus ar Thiarna Chlainne Cárthaigh. Chum sé ‘approbatio’ do Párliament na mBan. Tá dhá sheanmóir leis i gcló in Seanmóirí Muighe Nuadhad, 10 agus 13.

D’éag sé um Shamhain 1737. Bhí sé 53 bliain ina shagart. Scríobh Seán na Ráithineach marbhna air agus luann ann go bhfuil sé curtha ‘i dTeampall Uisce fé chlochaibh an réiltean’; Teampall Loiscthe a cheartainm. Bhí a fheartlaoi féin cumtha aige 27 bliain roimhe sin: ‘Omnia vana puto Practer amore Deum’. Ina uacht d’achtaigh sé: ‘I order that no wake or watching shall be made about my body and no crying women admitted.’

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú