Ba é seo an scoláire a bhunaigh Revue Celtique, an chéad iris dá leithéid, in 1870. I bPáras a rugadh é 28 Iúil 1842. In 1867 foilsíodh ‘On Irish glosses found in the library of Nancy’ in Proceedings of the Royal Irish Academy agus bhí aistí sna hirisí léannta aige as sin amach. Deir Joseph Vendryes gur mhair a cháil i measc scoláirí go lá a bháis. In 1876 bhí sé ina ollamh le léann Ceilteach in L’École Practique des Hautes-Études. Bhí súil aige cathaoir nuabhunaithe an léinn Cheiltigh (Teanga agus Litríocht) in College de France a fháil in 1882 ach Henri d’Arbois de Jubainville a ceapadh. Is ina dhiaidh sin a d’éirigh sé as stiúradh an Revue Celtique. Cé nárbh theangeolaí é féin, bhí sé ar ar dhuine de bhunaitheoirí Chumann na dTeangeolaithe agus ina uachtarán air in 1877. D’éag sé 2 Aibreán 1932. Tá cuntas iarbháis in Revue Celtique, 1932.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú