Tá sé ar dhuine de na hársaitheoirí sin ar spreag a leabhair chun saothair daoine a bhí eolach ar fhoinsí dúchasacha. I mBaile Átha Cliath ar 22 Aibreán 1723 a rugadh é. Tá cuntais air in A Compendium of Irish Biography: comprising sketches of distinguished Irishmen, and of eminent persons connected with Ireland by office or by their writings, 1878 le Alfred Webb agus in Dictionary of National Biography. Tháinig a mhuintir anseo in aimsir Eilíse I agus chuir fúthu i bhFear Manach. Ba iad a thuismitheoirí William Archdall, órcheardaí, agus Henrietta Gonne. Oirníodh Mervyn tar éis oiliúna i gColáiste na Tríonóide agus, toisc spéise óna óige sa tseandálaíocht, thug Easpag Osraí, an Dochtúir Pococke, beathúnas cille dó. Bhí paróiste Áth Tanaí i gContae Laoise faoina chúram. Phós sé Sarah Colles agus ba í Abigail Young a phós sé nuair a d’éag Sarah. Chaith sé daichead bliain ag bailiú ábhair i gcomhair Monasticon Hibernicum, 1786, suirbhé ar na seanmhainistreacha. Bhí mar eiseamlár aige Monasticon Anglicorum le William Dugdale. Dhá imleabhar a bhí i gceist ach d’fhág easpa tacaíochta gur leagan giorraithe in aon imleabhar amháin a foilsíodh. Deirtear freisin gur scríobh Edward Ledwich cuid de. Thug John Lanigan freagra ar shaothar na beirte ina stair eaglasta agus san innéacs tharraing aird ar 82 earráid faoin gceannteideal ‘Archdall, blunders of, noticed’. D’fhoilsigh Patrick Moran (1830-1911), a bhí ina chairdinéal i Sydney ar ball, eagrán le nótaí agus tráchtaireacht in 1873-76. Bhí Archdall ar dhuine de bhunaitheoirí Acadamh Ríoga na hÉireann D’fhoilsigh sé freisin eagrán úr de The Peerage of Ireland or, A Genealogical History of the Present Nobility of that Kingdom le John Lodge. I ndeireadh a shaoil bhí sé ina reachtaire i mBaile Shláine, Co. na Mí, agus d’éag ann ar 6 Lúnasa 1791.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú