In Irish Ecclesiastical Record, Nollaig 1885 tá cuntas ar an staraí agus seandálaí seo ag John O’Hanlon. Tá cuntais iarbháis in Kilkenny Journal 7 Feabhra 1885 agus in Irish Builder, Feabhra 1885. Ba é a scríobh Loca Patriciana: an identification of localities chiefly in Leinster, visited by Saint Patrick and his assistant missionaries and of some contemporary kings and chieftains. With an essay on the three Patricks, Palladius, Sen Patrick and Patrick Mac Calphurn, apostles of Ireland in the fifth century, 1879. Nuair a cuireadh eagrán úr de Lives of the saints le S. Baring-Gould ar fáil tuairim 1883 ba é Shearman a réitigh liostaí de naoimh na hÉireann ina chomhair. Chuir sé nótaí le heagrán 1897 den Monasticon Hibernicum le Mervyn Archdall. Ba bhall é de choiste Chumann Buan-Choimeádta na Gaeilge in 1878 agus bhí ar an gcéad choiste foilsitheoireachta acu.

Sa tSráid Ard, Cill Chainnigh, a rugadh é ar 30 Nollaig 1830. Ba iad a thuismitheoirí Thomas Shearman agus Esther Buckley. Cuireadh oideachas air i gColáiste Chiaráin agus oirníodh é i Maigh Nuad in 1860. Chaith sé tamall i bparóiste Dhún Luáin, Co. Chill Mhantáin, agus is ann a thosaigh a spéis sa tseandálaíocht. Bhí sé ina shagart cúnta i mBinn Éadair ar feadh fiche bliain agus ó 1883 bhí sé ina shagart paróiste i Maoin, Co. Chill Dara. Bhí sé cairdiúil le John O’Donovan, le William Maunsell Hennessy, le James Graves .... D’éag sé ar 6 Feabhra 1885. Tá a lámhscríbhinní i Leabharlann Choláiste Phádraig, Maigh Nuad.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú