I Ráth na mBiníneach sa Rinn, Co. Phort Láirge, a rugadh í 16 Samhain 1895. Ba é Séamus Cilligriú, gabha, a hathair. Catherine Ní Fhloinn as ceantar Eochaille a máthair. Bhí deirfiúr amháin agus beirt deartháireacha aici. Ní raibh aon Ghaeilge ag an máthair nuair a tháinig sí chun na Rinne ach i ndiaidh tamaill bhí líofacht aici inti. Le Gaeilge a thóg Eibhlín féin a clann i gcathair Phort Láirge.

Fuair sí scoláireacht ollscoile i 1915 agus i 1918 ghnóthaigh BA i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, agus Ard-Dioplóma san Oideachas ina dhiaidh sin. Chomh luath le 1913 agus anuas go 1922 bhí sí ar fhoireann teagaisc Choláiste na Rinne. Ghlac sí páirt sna cúrsaí samhraidh i 1935-36. Bhí post aici i Scoil na Leanbh a luaithe a bunaíodh í (1919) agus ba í an t-oide í a bhí ag Cearbhall Ó Dálaigh i 1922-23. Nuair a thug seisean cuairt ar an gColáiste ar 15 Bealtaine 1975 agus é ina Uachtarán casadh Eibhlín air. ‘Chaith sé tamall maith an lá sin i dteannta Eibhlín, agus iad araon ag cur síos ar an seansaol i Scoil na Leanbh’ (Iolscoil na Mumhan ris a ráidhtear an tan seo: Coláiste na Rinne: gearr-stair, [1987] le Micheál Ó Domhnaill).

Phós sí Pádraig Ó Curraoin ó Bhaile Uí Churraoin sa Rinn agus chuaigh siad chun cónaithe i gcathair Phort Láirge. Bhí ceathrar mac agus aon iníon amháin acu. Múinteoir ba ea í sa Cheardscoil Láir i Sráid Pharnell sa chathair sin ó na 1930idí amach. D’aistrigh sí Smaointe fáin an tSuathramáin, 1938 (Idle thoughts of an idle fellow le Jerome K. Jerome). I 1941 a tháinig a príomhshaothar amach, Fir Mhóra an tSean-Phobail. D’éag sí 20 Márta 1983 in Ospidéal Ard Chaoin agus cuireadh í i reilig Bhaile an Bhuitléaraigh, Co. Phort Láirge.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú