Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 8
Tá trí aiste i gcló in Dúchas 1986-1989, 1990 in eagar ag Liam Prút: ‘An tAthair Mathúin Ó Riain agus Ceist na Talún’ le Marcus de Búrca; ‘Mathúin Ó Riain—Sagart agus Tírghráthóir Fuaimintiúil’ le Donncha Ó Súilleabháin; ‘An tAthair Mathúin—Seanchas an Pharóiste’ le Donnchadh Ó Duibhir.
In Dúchas 1986-1989, 1990 in eagar ag Liam Prút tá caint a thug Máirtín Ó Corrbuí faoin gcaoi ar tharla sé gurbh eisean a d’aistrigh Ceart na hUaighe go Gaeilge
In Dúchas 1986-1989, 1990 in eagar ag Liam Prút tá dhá aiste shubstaintiúla: ‘Saothar Liam Dhaill Uí Ifearnáin’ le Liam Prút; ‘Liam Dall sa Seanchas’ le hÉamonn Ó hÓgáin
Pílear a ghaibhnigh gabhar a thug an deis áirithe dó. Tá cuntais ag Donnchadh Ó Duibhir (‘Diarmaid Ó Riain’) agus ag Pádraig Ó Fiannachta (‘Diarmaid Ó Riain agus a Bharántas’) i gcló in Dúchas 1886-1989, 1990 in eagar ag Liam Prút
In Dúchas (1986) tá: ‘Seathrún Céitinn (c.1580–c.1644): an cúlra stairiúil’ le Donnchadh Ó Corráin; ‘Eochair-sgiath an Aifrinn’ le Pádraig Ó Fiannachta; agus ‘Seathrún Céitinn agus an stíl Bharócach a thug sé go hÉirinn’ le Tadhg Ó Dúshláine (tá na haistí sin i gcló freisin in Feasta, Deireadh Fómhair 1984)
Tá cuntais air in Dúchas 1986; ag Nicholas Canny (‘Pádraigín Haicéad: an sagart agus an file i gcomhthéacs a aimsire’); ag Aibhistín Valkenburg O.P
In Dúchas, 1986 gheofar a aiste ar Phádraigín Haicéad[B7]
Ba é a chuir Gaeilge ar an tríú leabhar den triológ úrscéal a scríobh Liam Ó Catháin[B4] ar Liam Dall Ó hIfearnáin[B6], Ceart na hUaighe, 1986; níor admhaíodh sin sa leabhar féin ach mhínigh Máirtín conas a tharla sin in Dúchas 1986-1989, 1990