NÍ GHRÁDA, Máiréad (1896–1971)

I gCill Mháille, Co. an Chláir, a rugadh í ar 23 Nollaig 1896. Séamus Ó Gráda, feirmeoir a bhí tamall ina chomhairleoir contae, a hathair agus b’í Bridget Ní Ghrianna a máthair. Bhí Gaeilge ag an bhfo-sheanduine i gCill Mháille agus í ag éirí suas agus bhíodh a hathair féin ag aithris ‘An Siota agus a Mháthair’ agus ‘Cúirt an Mheánoíche’. Cuireadh ‘Comóradh Mháiréad Ní Ghráda’ ar siúl i gCill Mháille 14-15 Meitheamh 1997. Sa leabhrán cuimhneacháin a foilsíodh mar chuid den ócáid sin, tá crann ginealaigh, cuimhní cinn mhuintir Chill Mháille agus aistí eile. I measc na bpointí eolais breise sa leabhrán tá gurbh i gCnoc an Daingin i gCill Mháille a rugadh í agus gurbh as Cill na Móna dá máthair. I gClochar na Trócaire, Inis, bhuaigh sí scoláireacht ollscoile agus rinne sí céim B.A. (Gaeilge, Fraincis, Béarla) agus M.A. sa Ghaeilge i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath. Bhí sí i gCumann na mBan ann agus i gConradh na Gaeilge. Chuir Rialtas Shasana i bpríosún í mar gheall ar bhrait a dhíol i Sráid Grafton lá, rud a mbíodh sí ag déanamh grinn de 50 bliain níos faide anonn. I ndiaidh tamaill ag múineadh i scoil bheag phríobháideach, chuaigh sí ag obair mar thimire ar dtús agus ansin mar rúnaí le Earnán de Blaghd sa Chéad Dáil agus i rith an Chogaidh Chathartha. I 1923, phós sí Risteard Ó Cíosáin, státseirbhíseach. Cúpla bliain ansin ag múineadh sular thosaigh sí i 1926 ar naoi mbliana de obair cheannródaíochta le 2RN (a dtabharfaí ainmneacha éagsúla eile air go dtí sa deireadh gur socraíodh ar Radio Éireann). Bhíodh Máiréad ag eagrú clár do mhná agus do pháistí—bhí beirt á dtógáil aici féin san am—agus ansin ina bolscaire. B’í an chéad bholscaire mná in Éirinn agus sa Bhreatain agus b’fhéidir san Eoraip í.

Is le linn di bheith ag teagasc Gaeilge sa Choláiste Cócaireachta i gCill Mochuda a scríobh sí a céad dráma, An Uacht. Dá mic léinn é dáiríre ach léirigh Micheál Mac Liammóir é sa Gheata. Neartaigh an obair raidió lena spéis sa scríbhneoireacht. D’aistrigh sí Peter Pan (Tír na deo); Micheál, 1933 (Michael; scéal le Tolstoi a chuir Myles Malleson in oiriúint don stáitse) agus An udhacht, 1935 (bunaithe ar Gianni Schichi le Puccini). Scríobh sí cnuasach gearrscéal ach ní mó ná sásta a bhí sí lena hiarracht san earnáil sin. An t-aon dán amháin a scríobh sí, roghnaigh Séamus Ó Céilleachair agus Frank O’Brien dá nduanairí é (‘D’fhile nach maireann: G. M. H.’). ‘Dán bíogúil corraitheach’ é, dar le Frank O’Brien.

Bhí sí ina heagarthóir ag de Brún agus Ó Nualláin i gcomharbacht ar Risteard Ó Foghludha ach, d’ainneoin gur le téacsanna a chaithfeadh sí bheith ag déileáil feasta mar shlí bheatha, is beag má rinne aon drámadóir eile an oiread céanna ar son na drámaíochta Gaeilge. Giolla an tSolais (1945), Lá buí Bealtaine (1953), Úil glas Oíche Shamhna (1955), Súgán sneachta (1959), Stailc ocrais (Duais na Comhairle Ealaíon 1960), Mac Uí Rudaí (1961), An Triail (1964), Breithiúnas (1968) na drámaí is aitheanta dá cuid. An Triail (Céadléiriú i Halla Damer ar 22 Meán Fómhair 1964; céadléiriú teilifíse ar 21 Deireadh Fómhair 1964) is mó a thabhaigh clú di. Cuimhne ar chailín bocht a díbríodh as Cill Mháille fadó agus gur ligeadh don fhear dul saor ó mhilleán a chuir i gceann Mháiréad é a scríobh. Dúirt Tomás Mac Anna, léiritheoir, gurbh í saoirse na mban go maith roimh a ham a bhí i gceist agus gurbh éacht é An Triail a bhí inchurtha leis An Giall le Breandán Ó Beacháin. ‘Ach bhí bua amháin aici ar cheart a lua agus is é sin go raibh ar a cumas páirteanna fiúntacha a cheapadh do na mná, go háirithe do na mná óga, rud annamh i gcás dhrámadóirí na hÉireann, lasmuigh de O’Casey’. Thaitin An Triail go mór leis na léirmheastóirí agus go háirithe le Harold Hobson ó Times, Londain, cé nach raibh focal Gaeilge ar eolas aige. Léiríodh leagan Béarla san Eblana i Márta 1965.

D’éag Máiréad Ní Ghráda ar 13 Meitheamh 1971 i mBaile Átha Cliath. Tá cuntas ar a saothar liteartha ó pheann a garmhic Éamon Ó Cíosáin in An triail; Breithiúnas, dhá dhráma le Máiréad Ní Ghráda, Baile Átha Cliath, Oifig an tSoláthair, 1978. ‘Rianann Éamon Ó Ciosáin a forbairt liteartha agus intleachtúil san aiste atá aige san eagrán is déanaí dá mórshaothar An Triail, an dara heagrán, 1995’ (Scríbhneoirí na Gaeilge 1945-1995, 1995 le Seán Ó Cearnaigh). D’fhoilsigh Cló Iar-Chonnachta Máiréad Ní Ghráda—ceannródaí drámaíochta, 1996 le Siobhán Ní Bhrádaigh. Rinne Alan Titley clár raidió i dtaobh a saothair agus Ursula Ní Dhálaigh agus Éamon Ó Ciosáin ina n-aíonna ann agus cuireadh leagan próis i gcló in Scríbhneoirí faoi chaibidil, 2010 in eagar ag Titley.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú