Ó CEALLACHÁIN, Seán Óg (1923–2013)

Is beag tráchtaire ná tuairisceoir spóirt a fuair saol craoltóireachta chomh fada agus a fuair Seán Óg Ó Ceallacháin agus nuair a bhásaigh sé ar 17 Feabhra 2013, dúirt Uachtarán na hÉireann, Michael D. Higgins, gur fhág an stíl gheanúil, shoiléir lenar chuir Seán Óg torthaí na gcluichí Gaelacha i láthair gach oíche Dhomhnaigh go mbeadh cuimhne ag na glúine Éireannach ar a ghlór.

Chaith an Ceallachánach beagnach trí scór bliain ag láithriú an chláir Gaelic sports results ar raidió RTÉ, ón mbliain 1953 gur craoladh den uair dheireanach é ar 8 Bealtaine 2011. Ba é a athair Seán a bhí i mbun an chláir roimhe. Rinne Seán Óg tráchtaireacht agus tuairisciú ar chluichí freisin, chuir sé imreoirí faoi agallamh ar chláir mar Sports stadium agus nuair a bunaíodh Teilifís Éireann in 1961 bhí lámh aige i gclúdach spóirt an stáisiúin sin. Bhí sé ar dhuine de na láithreoirí ba thúisce ar an Sunday game. Shaothraigh sé do na meáin chló chomh maith agus bhí sé mar chomhfhreagraí ar na cluichí Gaelacha ag an Evening Press go dtáinig deireadh leis an nuachtán sin in 1995.

Ar an gCaisleán Nua i ndeisceart Chontae Luimnigh a saolaíodh Seán Óg Ó Ceallacháin ar 12 Bealtaine 1923. Seán Ó Ceallacháin a bhí ar a athair, fear a rugadh in aice le hOileán an Ghuail i dTír Eoghain agus a tógadh i mBaile Átha Cliath. Ba as Baile Dhá Thuile in iarthar Luimnigh dá mháthair, Frances Madden, a chaith seal i gColáiste na Rinne, Co. Phort Láirge. Ba nuair a chuaigh sí i mbun oibre i mBaile Áth Cliath a chas sí ar an gCeallachánach agus phósadar.

Ba sa phríomhchathair a saolaíodh an bheirt ba shine dá gclann, Máire (1920) agus Séamus (1921), ach go gairid ina dhiaidh sin bhog an teaghlach go dtí an Caisleán Nua, áit a bhfuair an t-athair post le comhlacht uisce mianraí. Ba ansiúd a saolaíodh Seán Óg agus a dheartháir Micheál (1922). Sa bhliain 1926 thug a chuid oibre Seán Ó Ceallacháin ar ais go Baile Átha Cliath agus chuir an comhluadar fúthu i bhFionnradharc.

I scoileanna lán-Ghaeilge a fuair Seán Óg a chuid bunscolaíochta, i dtús báire i Scoil Mhuire i Sráid Mhaoilbhríde agus ansin i Scoil Cholmcille in aice láimhe. Le linn dó a bheith ansiúd bhuaigh sé duaiseanna ag amhránaíocht ag Feis Átha Cliath . Músclaíodh a chuid suime freisin sa drámaíocht agus chualathas a ghlór ar raidió den chéad uair nuair a d’iarr an drámadóir Máiréad Ní Ghráda air páirt a ghlacadh i roinnt dá cuid drámaí – i nGaeilge agus i mBéarla. Chaith sé tamall i gCorca Dhuibhne faoi scéim Choiste na bPáistí, thug cuairt ar an mBlascaod Mór, áit ar réitigh Peig Sayers cáca gridille agus tae dó.

Tar éis na bunscoile, i bhfómhar na bliana 1936, thug Seán Óg Ó Ceallacháin aghaidh ar Choláiste Mhuire i gCearnóg Parnell. Ansiúd mhéadaigh a shuim sa drámaíocht agus sa spórt agus ar chuireadh ó Earnán de Blaghd, chaith sé dhá bhliain sa Scoil Aisteoireachta in Amharclann na Mainistreach, rud a chuidigh go mór leis ina shaol craoltóireachta, ar raidió agus ar theilifís, ina dhiaidh sin.

Agus a chuid meánscolaíochta críochnaithe aige, chuaigh sé ag obair i siopa éadaí Phádraig Uí Ghlásáin ar Shráid Uí Chonaill, fear a raibh bród air a fhógairt go mba ‘earraí Gaelacha amháin’ a bhí ar díol ina shiopa, áit a mbíodh Gaeilgeoirí go leor ag tarraingt uirthi.

I Meitheamh na bliana 1940, le teacht an Dara Cogadh Domhanda, d’fhógair Taoiseach na linne, Éamon de Valera, go raibh na Caomhnóirí Áitiúla (LSF) le bunú chun tacú leis an nGarda Síochána agus leis an Arm. Liostáil Seán Óg iontu agus bhí ar dualgas ar 31 Bealtaine 1941 nuair a thit ceithre bhuama de chuid na nGearmánach ar an Trá Thuaidh i gcathair Bhaile Átha Cliath, áit ar maraíodh ocht nduine is fiche. Liostáil sé sa bhFórsa Cosanta Áitiúil (LDF) ina dhiaidh sin.

Le linn dó a bheith i gColáiste Mhuire a tugadh faoi deara i gceart cumas Sheáin Óig mar iománaí agus mar pheileadóir. Cé nach raibh sé ach 15 bliain, bhí sé ar fhoireann shinsear na scoile a bhuaigh corn iomána na cathrach den chéad uair in 1938. An bhliain dár gcionn bhuaigh siad an Chraobh Shinsear Speisialta Peile. Ba le Cumann Naomh Uinsionn a d’imir sé i gcomórtais na gclubanna, ach ansin d’aistrigh chuig Eoghan Ruadh.

Sa bhliain 1940, bhí sé ar fhoirne mionúr Bhaile Átha Cliath sa pheil agus san iománaíocht agus trí bliana dár gcionn, cé nach raibh sé ach scór bliain d’aois, bhain sé áit amach ar fhoireann shinsear iomána an chontae, lenar imir sé go rialta gur éirigh sé as in 1953. Bhí sé féin agus a dheartháir Séamus ar na foirne a chlis in aghaidh Chill Chainnigh i gcluichí ceannais Laighean 1946 agus 1947, ach bhí Seán Óg ag imirt nuair a bhuaigh siad ar Laois i gcluiche ceannais 1948. Bhain siad cluiche ceannais na hÉireann amach an bhliain sin, ach bhuaigh Port Láirge orthu.

D’imir sé peil le cumann Chlanna Gael agus ina dhiaidh sin le Cumann Uí Thuathail agus chaith trí bliana (1949–1952) ar fhoireann shinsear peile Bhaile Átha Cliath. Timpeall an ama sin freisin d’oscail sé siopa spóirt ar Shráid Talbot sa phríomhchathair.

Agus é fós i mbun imeartha, thosaigh sé ag déanamh réiteoireachta ar chluichí peile agus iomána, cluichí idirchlubanna ar dtús agus ansin cinn idirchontae. Rinne sé réiteoireacht ar chluichí ceannais i gCúige Uladh agus ar chluichí leathcheannais na hÉireann.

Sa bhliain 1954 phós sé Anna McDonagh, amhránaí leis an Billy Dingle Orchestra a bhíodh ag seinm i hallaí damhsa mar an Ierne agus an Metropole. Ba as Bóthar Bhaile na Lochlannach, in aice leis an gCuarbhóthar Thuaidh, ise. Chuir siad fúthu i Ráth Eanaigh, áit ar thógadar triúr clainne, Finín, Caitríona agus Sinéad.

Ní dhearna Seán Óg faillí ar a chumas aisteoireachta le linn an achair sin ach an oiread. Chuaigh sé isteach sa gcumann drámaíochta Walkinstown Players agus ba air a bronnadh an gradam don aisteoir ab fhearr ag an bhFéile Náisiúnta Drámaíochta i mBaile Átha Luain in 1954. Scríobh sé féin dhá dráma raidió i nGaeilge, An braon searbh agus Aedín agus an chailleach; drámaí don stáitse i mBéarla, A scent of hawthorn, agus A man from the island. D’fhoilsigh sé leathdhosaen leabhar spóirt: Tall tales and banter, Greatest sporting memories, The Dubs, The birth of a building, history of Hermitage Golf Club, agus Giants of Gaelic Football, chomh maith le dírbheathaisnéis, Seán Óg.

Ní raibh sé i bhfad ag dul don iriseoireacht nuair a d’éirigh idir Seán Óg agus Ardstiúrthóir Chumann Lúthchleas Gael, Pádraig Ó Caoimh. Bhí nós ann ag an am nach dtugadh iriseoirí ainmneacha imreoirí a dhíbrítí den pháirc, ach níor chloígh Seán leis an nós sin. Bhagair an t-Ardstiúrthóir air go mbeadh brú ag teacht ó CLG go gcuirfí duine eile ag plé leis an gclár Gaelic sports results, ach níor ghéill an láithreoir ná a chuid fostóirí don bhagairt agus le himeacht ama ligeadh an eachtra i ndearmad .

Bhain conspóid freisin le cuntas a chraol sé faoi chluiche nach raibh sé féin i láthair aige. Sa tuairisc, dúirt sé gur bhuail iománaí Chorcaí, Christy Ring, a chéile comhraic lena chamán i gcluiche ceannais na Mumhan in aghaidh Thiobraid Árann in 1961. Bhagair Coiste Chontae Chorcaí an dlí agus cé go raibh mionnscríbhinní ag Ó Ceallacháin inar mhionnaigh daoine a bhí i láthair (sáirsint de chuid na nGardaí ina measc) gur tharla an eachtra, theastaigh ó RTÉ go seachnófaí cás cúirte agus d’iarr siad air an méid a bhí ráite aige a tharraingt siar ar an aer, rud a rinne sé go drogallach.

Cé go mba leis na cluichí Gaelacha a chaith sé formhór a shaothair, níorbh leo a bhain ceann de na hagallaimh ba cháiliúla a rinne Seán Óg, ceann a tháinig ina bhealach de thimpiste. I Londain a thit sin amach faoi Chincís na bliana 1963 nuair a labhair sé le Cassius Clay (nó Muhammad Ali mar a thug sé ina dhiaidh sin air féin) do theilifís RTÉ. Bhí an dornálaí ag réiteach do throid i gcoinne sheaimpín na Breataine, Henry Cooper, agus Ó Ceallacháin i Londain ag obair ag cluichí peile a bhíodh ar siúl i Staid Wembley.

Bhí an-tóir ag Seán Óg ar an ngalf, cluiche a chleacht sé go dtí go gairid sular bhásaigh sé. Le linn a óige d’imir sé cruicéad agus sacar faoin ainm ‘John Callaghan’, mar go raibh bac ar bhaill CLG aon phlé a bheith acu leis na cluichí sin. Chaith sé blianta ina bhall de Chumann Uaigheanna na Laochra Gael (NGA) agus bhí baint mhór aige le feachtas fada a d’éiligh go mbogfaí coirp Kevin Barry agus poblachtaigh eile amach as an áit a raibh siad curtha i bPríosún Mhuinseo chuig Reilig Ghlas Naíon, rud a tharla in 2001.

Mártan Ó Ciardha