Amhrán Grá Vietnam

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00
Eisithe ar Caitlín Maude (2003). Le caoinchead Gael-Linn.

Rugadh í sna Doiriú, Casla, Co. na Gaillimhe, ar 22 Bealtaine 1941. ‘Ó Máidhbh’ a sloinne i nGaeilge. B’í an dara duine clainne de thriúr í ag John Joseph Maude, a raibh gabháltas aige i gCill Bhriocáin, Ros Muc, agus Máire Nic an Iomaire, múinteoir náisiúnta as na Doiriú. Bhí Caitlín ar scoil sna Doiriú ar dtús agus ansin faoi chúram a máthar i scoil an Oileáin Mhóir tamall amach ón Aill Bhuí i Ros Muc. Chaith sí ceithre bliana i gColáiste Chroí Mhuire sa Spidéal agus rinne céim B.A. i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe 1958–1962. Chaith sí bliain amháin den tréimhse sin ag obair i Sasana.

Bhí sí ag múineadh anseo agus ansiúd as sin amach agus i ngairmscoileanna an chuid ba mhó den am: i nDún Dealgan, i mBaile Átha Cliath, i Nás, i gCaisleán an Bharraigh agus i gCarn an Bhua, Co. Chill Mhantáin. Tá cuntas cuimsitheach ar a saol agus a saothar ag Ciarán Ó Coigligh i mbrollach Caitlín Maude: dánta (1984), cnuasach iomlán dá cuid filíochta. Deir sé ann: ‘Bhí sí luaineach go maith mar a thaispeánas líon na n-áiteacha a raibh sí ag múineadh iontu’.

Thosaigh sí ag cumadh filíochta sa mheánscoil mar ar mhisnigh a múinteoir Gaeilge, an tSiúr Ailbhe, í chun dul i mbun pinn. Bhí an fhilíocht aici le sinsireacht óna sin-sin-seanmháthair.

Veidhleadóir maith í ach is mar amhránaí ar an sean-nós is mó a thabhaigh sí clú. I 1975 chuir Gael Linn taifead dá hamhránaíocht amach ar cheirnín dar teideal Caitlín. Bhíodh sí páirteach sa chlár cáiliúil raidió Fadhbanna Gaeilge faoi stiúir Thomáis de Bhaldraithe sna 1960idí deireanacha. Tuairim an ama chéanna bhunaigh sí An Bunnán Buí, club do Ghaeilgeoirí, i Sráid Mhór Sheoirse Thuaidh, Baile Átha Cliath.

Bhí cáil uirthi mar aisteoir agus aird an phobail uirthi go speisialta mar gheall ar an bpáirt a bhí aici in An Triail i Halla Damer, an dráma le Mairéad Ní Ghráda a chéadléiríodh ar 22 Meán Fómhair 1964. I bpáirt le Micheál Ó hAirtnéide scríobh sí an dráma An Lasair Choille. Bhíodh sí ag aisteoireacht freisin i dTaibhdhearc na Gaillimhe agus i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe.

Ba dhuine dá glún féin í amach agus amach agus déanann a saol gairid scáthántacht ar eachtraí a linne agus ar stíl áirithe saoil a bhí tagtha i réim: bhí sí ag toghchánaíocht do Pheadar Mac an Iomaire agus Cearta Sibhialta na Gaeltachta i mórthoghchán 1969; bhí baint aici leis an bhfeachtas in aghaidh Éire a dhul isteach sa Chómhargadh; bhí bá aici leis na stailceoirí ocrais sa Cheis Fhada. Thacaigh sí le Máirtín Ó Cadhain sa raic ghiorraisc ag Éigse Uí Dhoirnín in Óstán ‘Derryhale’, Dún Dealgan, ar 11 Aibreán 1969, cé gur mar aoi-amhránaí a bhí sí sa láthair.

Phós sí Cathal Ó Luain ar 27 Nollaig 1969. Rugadh mac amháin dóibh. Fuair sí bás den ailse ar 6 Meitheamh 1982 agus tá sí curtha i mBóthar na Bruíne, Baile Átha Cliath. Foilsiodh Caitlín Maude: Dánta, drámaíocht agus prós, 2005.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú