An tÍosánach, arbh údar é ar luathstair na heaglaise in Éirinn, a chuir eagar ar Féil-sgríbhinn Eóin Mhic Néill : essays and studies presented to Professor Eoin MacNeill, 1940. I gCaisleán Uí Chonaill, Luimneach, a rugadh é ar 19 Feabhra 1894. Ba iad James agus Brigid Ryan a thuismitheoirí. Tar éis meánoideachais i gColáiste an Chorráin, Luimneach, bhí sé ag staidéar ar an léann Ceilteach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus in ollscoileanna Bonn agus Lováin. Bhí dochtúireacht le litríocht aige ó Ollscoil na hÉireann. Chuaigh sé isteach sna hÍosánaigh i 1911 agus oirníodh ina shagart é i 1926. Ó 1930 go 1942 bhí sé ina léachtaí le luathstair na hÉireann sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus ó 1942 go 1964 ina ollamh. Is é Irish Monasticism, 1931 a mhórshaothar. Is faoin ainm Eóin Ó Riain a chuir sé eagar ar Réim Ríoghraidhe na hÉireann: ó aimsir Néill Noíghiallaigh go dtí Maelsechnaill mhic Dhomhnaill, .i. aois an Tighearna, 379-1022; maille le na rígthibh go bhfreasabhra ó bhás Mhaelshechnaill Mhic Dhomhnaill go gabháltas gall .i. aois an Tighearna, 1022-1169. An t-Athair Eóin O Riain do chuir in eagar. 1 page, 17"x25", 1940. Chuir sé eagar ar St Patrick, 1957, agus Irish Monks in the Golden Age, 1963, sraitheanna de léachtaí Dáibhíseacha. Bhí ailt léannta aige in Royal Society of Antiquaries Journal, Irish Ecclesiastical Record, Studies, Irish Historical Studies, Capuchin Annual, An Iodh Morainn, Reportorium Novum, Journal of the North Munster Antiquarian Society . . . agus i gcnuasaigh aistí mar Seven Centuries of Irish Learning, 1000-1700, 1958 in eagar ag Brian Ó Cuív, agus Studies in Early Irish Law, 1936 in eagar ag D.A. Binchy. Ba é a scríobh na téacsleabhair ar stair na hÉireann do lucht na meánscoileanna ar chuir Micheál Breathnach aistriúcháin Ghaeilge díobh ar fáil. Ó 1940 go ham a bháis bhí sé ina bhall de Bhord Stiúrtha Scoil an Léinn Cheiltigh, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath. D’éag sé 17 Nollaig 1973.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú