Seo é an Ciarraíoch a mbíodh ailt, dánta agus tuairiscí i gcló aige faoin ainm cleite ‘An Spailpín Fánach’ i rith 1900-27 in An Claidheamh Soluis, Misneach, Poblacht na hÉireann, Sinn Féin, An Lóchrann, Irisleabhar na Gaedhilge.... Chum sé amhráin a bhíonn á rá ina dhúiche féin agus taobh amuigh di; cuimhnítear go háirithe ar ‘Oileán Dhún an Óir’ agus ‘An Baile atá lámh léi siúd’. Deirtear gur scríobh sé drámaí. Tá tuairisc a bháis in An Lóchrann, Bealtaine 1927 (‘Gaedheal fé’n bhfód’): ‘B’é fear ba mhó cáil i nAmerica é i gcúis na Gaeilge lena dhílseacht – sírdhílseacht gan athrú, gan lagú, gan claonadh.... Níorbh eol dó Galldachas go raibh ’na fhear ach nuair a bhuail an Galldachas san leis níor ghaibh sé riamh leis, murab ionann agus na mílte dubha dár gcine a imíonn as an nGaeltacht.’ Is leis a bhaineann ‘Imirceach ó Éirinn – An Spailpín Fánach’, scannán a scríobh agus a stiúraigh Breandán Feirtéar agus a craoladh ar TG4 10 Nollaig 2005; is ann a fuarthas an chuid is mó den eolas seo.

In Ard na Caithne a rugadh é i mí Iúil 1877 (baisteadh é ar 14 Iúil 1877). Ba é Pádraig Ó Muircheartaigh a athair agus ba í Neil Ní Loingsigh (d’éag 1938) ó Bhaile an Reannaigh a mháthair – pósadh iad ar 9 Feabhra 1875 i mBaile an Fheirtéaraigh; aon iníon amháin a bhí acu agus ba é Séamus an dara mac den seisear mac acu. Micheál Ó Mainnín a bhí mar mhúinteoir aige i Scoil Bhaile an Fheirtéaraigh agus bhí tionchar mór aige air; is uaidh a d’fhoghlaim sé léamh agus scríobh na Gaeilge. D’éag a athair nuair a bhí Séamus sna luathdhéaga agus sula raibh deireadh lena chuid scolaíochta. Chaith sé tamall ag iascaireacht sula ndeachaigh sé go dtí na Stáit Aontaithe in 1898. In Springfield, Massachusetts, mar a raibh gaolta leis, a bhí sé ag cur faoi ar dtús. Bhí sé ag obair sna muilte ansiúd agus ann a cláraíodh é mar bhall de na hÍbeirnigh. Chaith sé tamall ag obair ar iarnród Boston-Albury. Ar a bhealach go dtí an cósta thiar chaith sé tamall ag obair in Butte, Montana. Ó 1899 go 1906 is in San Francisco a bhí sé, é ag iascaireacht tamall le hIodáiligh agus Seapáinigh sular oscail sé féin agus cara leis siopa bróg. Bhochtaigh crith talún 1906 é ach is lena linn a thug sé slán beirt deirfiúracha ó Chorca Dhuibhne dar sloinne Hussey. D’imigh sé leosan go Butte mar a raibh gaolta acu ina gcónaí. Phós sé duine díobh, Nellie, agus rugadh triúr mac dóibh. D’éag duine díobh, Aonghus, go hóg i 1917 agus chuaigh Cúchulainn agus Oisín le sagartacht. Chaith Séamas tamall ag mianadóireacht in Butte. Nuair a b’éigean do Nellie agus a mac óg filleadh ar Éirinn go ceann tamaill ghlac Séamus leis an deis chun dul ar lorg dearthár a bhí imithe gan tuairisc. Chuartaigh sé Chicago agus Nebraska. Meastar gur chuir sé é féin sa chontúirt nuair a chuir sé comhairle ar Éireannaigh, in alt leis, gan teacht go Butte chun obair mhianadóireacha a dhéanamh; tuairimítear go raibh sé ina cheardchumannach láidir.

Ó 1911 amach is in San Francisco a bhí an teaghlach. Fuair sé post saoiste in Golden Gate Park, obair a thaitin leis go mór. Bhí an seachtanán The Leader bunaithe le tamall ag an Athair Peter Yorke agus bhí alt ag Séamas ann go rialta, rud a thuill clú dó i measc Chaitlicigh na cathrach. Nuair a d’éag sé go hóg ar 11 Márta 1927 ba í ceannlíne an Leader ‘Widespread demonstrations of grief follow death of Seamus Moriarty. Throngs attend funeral services.’ Galar cléibh ba thrúig bháis dó agus measadh gur ceann de dheasca na mianadóireachta in Butte é. Ta sé curtha in Colma, tamall ó dheas ón gcathair, in aon uaigh lena thriúr mac agus a bhean. Mhair a bhean go 1964.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú