B’fhéidir a rá go raibh an Gaeilgeoir seo ar dhuine de na seirbhísigh phoiblí ab oirirce san fhichiú haois. Tá cuntas iarbháis in Irish Times 30 Meitheamh 1997. I nDún Síon, taobh thoir den Daingean, Co. Chiarraí, a rugadh é ar 18 Meitheamh 1926. Feirmeoir ba ea a athair Tadhg agus ba í Cáit Ní Chuinn a mháthair. Bhí triúr deatháireacha agus ceathrar deirfiúracha aige. Cuireadh oideachas air i Scoil na mBráithre Críostaí sa Daingean agus d’éirigh leis post cléirigh a fháil i mBord Soláthair an Leictreachais i 1945; d’fhan sé sa Bhord go ndeachaigh sé ar pinsean. D’fhreastalaíodh sé ar Scoil Tráchtála Ráth Maonais agus bhain cáilíocht amach ón Chartered Institute of Secretaries. Ceardchumannach dícheallach ba ea é agus bhí sé ar fhundúirí Chumann Oifigeach an Bhoird; dá chomhartha sin toghadh é ina chathaoirleach ar an National College of Industrial Relations. Ar deireadh thiar ceapadh é ina phríomhfheidhmeannach in BSL agus nuair a d’éirigh sé as an bpost sin bhí sé ina chathaoirleach ar an mBord. Is iomaí post eile a bhí aige i rith na tréimhse deiridh dá shaol. Áiríonn Proinsias Mac Aonghusa é i measc bhaill Údarás RTÉ a thacaigh go tréan leis an nGaeilge le linn dó a bheith ina Chathaoirleach ansiúd. Bhí sé ina chathaoirleach ar Fhundúireacht an Bhlascaoid agus ina chathaoirleach ar Chairde Choláiste Íde Teoranta, a bunaíodh chun go leanfadh coláiste sin an Daingin ina institiúid oideachais lán-Ghaelach. Ba é a thug Léacht an Oireachtais i 1992 (‘Forbairt na Tíre le Tríocha bliain anuas’). B’eol don saol go raibh sé dílis dá chontae dúchais; toghadh é mar Phearsa Chiarraí na bliana 1991 agus bhí sé ina bhall de bhord Shiamsa Tíre agus d’Aerphort Chiarraí. Is iomaí onóir a tugadh dó: bhronn Ollscoil na hÉireann an chéim oinigh LLD air i 1988 sa Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath; le hómós dó a bunaíodh an ‘Paddy Moriarty Chair of Government and International Studies’ in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus an ‘Dr Paddy Moriarty Fellowship’ in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Bhí sé tugtha don ghalf, é ina chaptaen agus ina uachtarán ar Chlub Gailf na Gráinsí i mBaile Átha Cliath. Fear mór capall ba ea é agus bhí sé ina bhall de bhord Ráschúrsa Bhaile na Lobhar agus bíonn an P.J. Moriarty Novice Chase ar siúl ann gach bliain. Deartháir leis is ea an craoltóir Micheál Ó Muircheartaigh a chaith tamall ina Chathaoirleach ar Bhord na Gaeilge. D’éag sé 29 Meitheamh 1997 agus tá sé curtha sa reilig nua i nDún Chaoin, Co. Chiarraí. Bhí sé pósta ar Esther O’Sullivan agus bhí triúr iníonacha agus beirt mhac acu.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú