Bhí sé féin, Breandán Ó hEithir agus Proinsias Mac Aonghusa ina láithreoirí agus ina dtuairisceoirí in Féach, ceann de na cláir cúrsaí reatha ba mhó cáil dár craoladh ar theilifís RTÉ. Tá cuntas iarbháis in Irish Times 26 Meitheamh 1999. In Inse Chór, Baile Átha Cliath, a rugadh é ar 7 Eanáir 1945. Ba iad a thuismitheoirí Matthew Murray, fear stórais sa Roinn Poist agus Telegrafa, agus Christina Piggott. Tar éis bunscolaíochta i Scoil Náisiúnta Goldenbridge bhí sé ar scoil ag na Bráithre Críostaí i Sráid Shéamuis, Baile Átha Cliath. Ceapadh é ar fhoireann an fheachtais ‘Conquer Cancer’ sula bhfuair sé post mar ionadaí ag Gael Linn i gConamara. Bhí sé ina dhiaidh sin ina Leas-Rúnaí ag Conradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus eagarthóireacht Feasta mar chúram air tamall.

Thosaigh sé ag obair sa chlár Féach i 1969. Deirtear in Irish Times: ‘In time, Mr Ó Muirí became the main anchor-man of the programme. Inevitably his style borrowed pace from that of his two older mentors but he also had his own very distinctive touch. Whether it was in studio or on location, he was easy, relaxed, always well informed, and robustly combative when the occasion demanded . . .. Much of his success as a broadcaster was due to his detailed knowledge and understanding of what his colleague and friend, John O’Donoghue, would call the Irish political mazurka. Being a former dance master himself he appreciated its intricacies. He loved politics. As he used to say, “Wasn’t it great to be paid for your hobby!”. ’ Is do ghné dá obair in Gael Linn an tagairt sin don rince. Nuair a d’éag Donal Foley i 1981 scríobh sé sraith alt san Irish Times faoin teideal ‘In the Village’. Bhí sé ag obair mar láithreoir ar chláir raidió RTÉ sna 1980idí agus thuill an gnéchlár The Heart of the MaterDuais Jacob dó; bhí baint leanúnach aige leis an Irish Heart Transplant Association tar éis bhás tragóideach a iníne Aoife i 1990. Bhí baint aige ina dhiaidh sin leis na cláir teilifíse Iris agus Prime Time. Ba cheardchumannaí dílis é agus bhí sé cúpla tamall ina phríomhstíobhard ag an NUJ. Bhí spéis aige i gcúrsaí spóirt: bhí sé ina chaptaen ar Chumann Gailf RTÉ, rith sa mharatón i mBaile Átha Cliath agus in Nua-Eabhrac agus bhí ina bhainisteoir ar fhoireann na hÉireann sna International Transplant Games. D’éag sé ar 6 Bealtaine 1999. Phós sé Deirdre Ní Ógáin i Luimneach i Lúnasa 1970 agus bhí ceathrar páistí acu.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú