Bhí an Gaeilgeoir seo ina uachtarán ar Chumann Lúthchleas Gael. Tá cuntas iarbháis in Irish Times 13 Márta 1999 agus ag Pádraig Ó Baoighill in An tUltach, Aibreán 1999. Ba as Tamhnach Mór, Co. Thír Eoghain, don múinteoir scoile seo, dar le cuntas An tUltach, ach is é Baile an Mhuilinn, Co. an Dúin, atá luaite mar áit dúchais san Irish Times. Is cinnte go raibh sé ag múineadh scoile i dTamhnach Mór. Peileadóir agus riarthóir aitheanta ba ea é. Ag tagairt d’óráid na huaighe a thug iaruachtarán de chuid Chumann Lúthchleas Gael deir Ó Baoighill: ‘In óráid fhada spreagúil a thug a cheart d’Alf thrácht Pádraig Mac Fhloinn ar obair Ailf dá chlub Clann Éireann, ar a sheirbhís d’Ard Mhacha mar pheileadóir agus mar riarthóir, ar na laethanta glórmhara le foireann Chúige Uladh nuair a bhuaigh siad Corn an Iarnróid den chéad uair i 1942 agus arís i 1943 ...’. Ba i gContae Ard Mhacha is mó a tharraing sé aird air féin mar Ghaeilgeoir agus mar bhall de Chumann Lúthchleas Gael. Sa Lorgain a bhí cónaí air. Bhí rang Gaeilge á mhúineadh aige i gConradh na Gaeilge agus chuir sé tús le cúrsa Gaeilge i Ros Goill do C.L.G. D’eagraigh sé scoláireactaí Gaeltachta sa Lorgain. Bhí sé ina uachtarán ar an gCumann 1964-67. Thug sé Óráid an Oireachtais i 1950. Bronnadh Gradam an Phiarsaigh air i 1984. Bhí ceathrar iníonacha agus beirt mhac aige féin agus a bhanchéile Máire. D’éag sé 12 Márta 1999.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú