CÍOSÓG, Micheál (1847–1906)

“Is é is dóigh liom gur láidir má bhí duine ar bith is mó ná é a thug spreagadh is uchtach do dhaoine chun an teanga a fhoghlaim agus a labhairt anuas go teacht Dhúghlas de hÍde”. Sin é an tuairim a nochtann Liam P. Ó Caithnia in Micheál Cíosóg (1982). Gur foilsíodh an bheathaisnéis chuimsitheach sin ní raibh ach beagán de shonraí beatha an Chíosógaigh a raibh aon chinnteacht ag gabháil leo. Agus bhí go leor a ndéantaí talamh slán de agus nach raibh ann ach “cuimhní falsa” mar a thugann Ó Caithnia ar na míthuiscintí iomadúla.

Rugadh Micheál Cíosóg i bPoll an Phúca, baile fearainn sa Charn, Co. an Chláir, ar 20 Meán Fómhair 1847. Daoine fíorbhochta a mhuintir. Sórt aoire é an t-athair, Mathúin. Bríd Ní Fhlannúra a bhí ar an máthair. Ceathrar mac agus iníon amháin a bhí acu. Ba í an Ghaeilge teanga an tí ach b’fhéidir go raibh an Béarla freisin óna óige ag Micheál. Níor osclaíodh Scoil Náisiúnta an Chairn go raibh sé 11 bliana d’aois ach b’fhéidir go mbíodh sé ar scoil i gCora Finne roimhe sin nó ag scoil scairte. Rinne monatóir sinsearach de in 1862 agus fuair sé ionad sa Mhodhscoil Dúiche in Inis Córthaidh in 1864. I ndiaidh dó bheith ina mhúinteoir ionaid i gCora Finne cuireadh a thuilleadh oiliúna air sa Mhodhscoil Láir i mBaile Átha Cliath agus in 1866 ceapadh é ina phríomhoide i scoil náisiúnta Loch Cútra in aice le Gort, Co. na Gaillimhe, scoil a raibh an 2ú Bíocunta Gough ina bhainisteoir air.

Ar 16 Deireadh Fómhair 1871 chuaigh sé i mbun poist i gColáiste Cholmáin san Iúr i gContae an Dúin ag teagasc bunmhatamaitice agus cuntasaíochta. Bhí béim á cur ar na hábhair sin ó tosaíodh ar bhuachaillí a earcú don státseirbhís trí scrúduithe poiblí an bhliain chéanna sin. Le linn dó bheith ann a casadh Mairéad Ní Uadhaigh (Woods), iníon siopadóra as Droim Mór, air. Phós siad ar 14 Meitheamh 1876 agus bhí ochtar clainne acu.

In 1874/5 bhí sé ag teagasc ábhar tráchtála i gColáiste na Carraige Duibhe; chaith sé ráithe ag obair i gColáiste Eoin, Cill Chainnigh, agus tréimhse in 1876/7 ag múineadh i gColáiste Choill Chluana Gabhann. Chuaigh sé i mbun ghnó an phulcaire um Nollaig 1878 nuair a d’oscail sé an Civil Service Academy i mBaile Átha Cliath, i Sráid Nelson ar dtús agus ansin i bPlás Gardnar. D’éirigh thar cionn leis an ngnó sin. Theip air in 1887 ar mhórán fáthanna: ualach oibre rómhór ar an gCíosógach; go raibh costas an-mhór ag baint le foilsiú The Celtic Times; gan an oiread céanna spéise aige san obair ó bunaíodh CLG; gan an t-éileamh céanna ar acadaimh dá leithéid ó cuireadh tús in 1878 leis an gcóras meánoideachais.

Bhí ardspéis aige i lúthchleasa agus i gcluichí. Bhuaigh sé craobh na hÉireann i gcaitheamh an mheáchain 16 punt in 1881 agus arís in 1882. Shíl sé go raibh béim rómhór ar reathaíocht agus gurbh fhearr d’Éireannaigh díriú ar chaitheamh na meáchan agus ar léimeanna. D’imríodh sé rugbaí i gColáiste na Carraige Duibhe agus chuir tús le foireann ina acadamh agus d’imríodh sé féin leo. Ach ba é an cruicéad a rogha cluiche anuas go 1882. Áitíonn Liam Ó Caithnia go láidir nach bhfuil aon fhianaise go raibh spéis ar leith aige in athbheochan na hiomána roimhe sin. “Ní fhéadfainn aon phioc amhrais a bheith orm ná gurbh é Irisleabhar na Gaeilge agus an mhórbhaint a bhí ag Micheál Cíosóg leis a thug air díriú ar an iomáint a chur i réim athuair”, a deir Ó Caithnia. Thar aon ní eile ba é an trácht a bhíodh ar Fhionn agus na Fianna san Irisleabhar a thiomáin chun gnímh é. In 1898 thug sé an míniú seo air (le Liam Ó Caithnia an t-aistriúchán): “Bhí an séú céad bliain déag de chath cinniúnach Gabhra ag druidim linn agus rith sé liom é a cheiliúradh trí Chumann Lúthchleas Gael a bhunú ...”

Níor tháinig ach seachtar chuig an gcruinniú tionscnaimh Lá Samhna 1884 i nDurlas Éile. Roghnaíodh Cíosóg, John Wyse Power agus John MacKay ina rúnaithe. Briseadh as an bpost sin é ar 4 Iúil 1886 nuair a cúisíodh é as faillí ina chúram comhfhreagrais. Is léir gur chuir Cíosóg olc ar chuid dá chomhghleacaithe sa Chumann, cibé fáthanna eile a bhí leis an aighneas. An bhliain dár gcionn bhí siad ag iarraidh aitheantas bunaitheora a dhiúltu dó. “... Ní inséanta gurbh é enfant terrible an chumainn é leis na blianta”, deir Ó Caithnia agus tugann sé an bhréag do na “cuimhní fhallsa” úd gur cuireadh amach as an gCumann é nó gur fhág sé é.

Bréagnaíonn an beathaisnéisí freisin gur portráid fhírinneach de Chíosóg an Citizen in Ulysses. Rinne an t-úrscéalaí claochlú ar Chíosóg agus b’fhéidir go bhfuil Art Ó Gríofa agus Oliver St John Gogarty cumasctha freisin sa charachtar. Duine deabhóideach Cíosóg nach raibh tugtha do chaint dhiamhaslach. Séanann sé gur phótaire Cíosóg, gur thar ceann Bhráithreachas na Poblachta a bhunaigh sé CLG. Léiríonn Ó Caithnia gur fírinní ná an Citizen an phortráid atá ag Gogarty in Tumbling in the hay nó fiú an ceann ag Joyce in Stephen hero.

Bhí Cíosóg ina chisteoir ag Aontacht na Gaeilge ó 1882 go 1885 agus ina bhall coiste go dtí Fómhar 1886. Ba é urlabhraí an chumainn é le linn toscaireachta chuig an bPríomh-Rúnaí uair. Bhí rang sinsearach á mhúineadh aige sa Celtic Literary Society in 1893 agus bhí baint aige le Conradh na Gaeilge ar feadh tamaill. Is léir ar an tagairt dó in Mo scéal féin gur shíl an tAthair Peadar go raibh sé ar dhuine de phríomhphearsana na hathbheochana. In Bliainiris 7, 2007 tá an aiste ‘Mícheál Ó Cíosóg agus gluaiseacht na Gaeilge 1881-86’ le Máirtín Ó Murchú.

Fuair a bhean bás ar 16 Meán Fómhair 1890 agus iníon leis mí ina diaidh. Ba ghairid gur cuireadh scaipeadh ar an gclann. Galar Bright agus galar croí ba thrúig bháis dó ar 28 Samhain 1906 ar cholbha an bhóthair taobh amuich d’ospidéal Whitworth. Tá sé curtha i nGlas Naíon.

Tá clár a shaothair scríofa le fáil i mbeathaisnéis Liam Uí Chaithnia. Scríobhadh sé colún in The Shamrock ó 1882 go 1901. Thosaigh sé ag foilsiú seachtanáin The Celtic Times ar 1 Eanáir 1887 agus mhair sé ar feadh bliana. D’fhoilsigh an Clasp Press eagrán macasamhlach de The Celtic Times (Eanáir 1887-Eanáir 1888) in 2003. Tá 350 leathanach ann. In The Irish Times 12 Iúil 2003 (‘Irishman’s Diary’) insíonn Arthur Quinlan conas a thángthas ar iarchóipeanna an nuachtáin ar bunaíodh an t-eagrán macasamhlach orthu. Foilsíodh an dara beathaisnéis, Michael Cusack and the GAA le Marcas de Búrca, i 1989.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú