Bhí sé ar na fir ba thábhachtaí i gcúrsaí léinn agus eolaíochta sa 19ú haois. Tá cuntas air sa Dictionary of National Biography. Tugann W.J.E. Jessop cuntas air in Hermathena CXVI (“Samuel Haughton: a Victorian polymath”) agus cheartaigh sé an botún sa DNB gurbh é James Haughton a athair. Tá cuntas fada eile in Carloviana: the journal of the Old Carlow Society, 28–30, ag N. D. McMillan. Tugann siad beirt léargas ar a iléirimiúlacht ach ní dhearna tagairt dá spéis sa Ghaeilge. Tá tagairt don taobh sin dá shaol ag Pádraig Ó Snodaigh in The Irish Times, 28 Eanáir 1983.

Rugadh é i gCeatharlach ar 21 Nollaig 1821. Samuel, ball de Chuallacht na gCairde, a athair. Ba í Sarah Handcock ó Lios na gCearrbhach máthair Samuel. De bharr múinteora darb ainm Emerson sa scoil Phrotastúnach i gCeatharlach chuir Samuel ardsuim sa gheolaíocht agus sa luibheolaíocht. Chuaigh sé isteach i gColáiste na Tríonóide nuair a bhí sé 17 mbliana. Fuair sé bonn óir sa mhatamaitic agus oirníodh é ina mhinistir in 1847. Sa gheolaíocht a bhí a spéis ar dtús ach cháiligh sé sa leigheas in 1862 toisc na spéise a bhí aige san anatamaíocht. Bhí sé ina uachtarán ar an Royal Zoological Society in 1883 agus ar Acadamh Ríoga na hÉireann ó 1886 amach. Bhronn Oxford agus Cambridge céimeanna oinigh air. Scríobh sé roinnt téacsleabhar agus go leor páipéar ar an eolaíocht. Bhí sé pósta ar Louisa Haughton agus bhí ceathrar mac acu. D’éag sé ar 31 Deireadh Fómhair 1897. Cuireadh é i seanreilig Chill Uisean.

Bhí sé ar bhunaitheoirí Chumann Buanchoimeádta na Gaeilge in 1876 agus ina leasuachtarán sinsearach. Toghadh é ina bhall de Chomhairle Aontacht na Gaeilge ar 6 Nollaig 1882: an tAthair Eoin Ó Nualláin ODC a mhol é, Micheál Cíosóg ag cuidiú leis an moladh. Bhí sé ina bhall den toscaireacht a d’agaill Sir Patrick Keenan, Coimisinéir Cónaitheach an Oideachais, i dtaobh mhúineadh na teanga agus a chuaigh chun cainte leis an bPríomh-Rúnaí uair eile. Ag Mór-Chruinniú na hAontachta ar 27 Nollaig 1883 dúirt sé gur fhoghlaim sé an teanga ina óige agus go raibh sé in ann í a labhairt cuíosach maith.

Cé go raibh claonadh chun an choimeádachais ann i gcúrsaí polaitiúla, bhí sé ar son féinrialtais. D’iarr náisiúnaithe Cheatharlach air seasamh sna toghcháin pharlaiminte ach chaithfeadh sé éirí as an ministreacht agus ní raibh sé sásta sin a dhéanamh. Is léir go raibh ardmheas air i measc an phobail mar gheall ar a shoilbhre a labhraíodh sé. Chuireadh sé cruinnithe na hAontachta sna trithí gáire. Chuaigh lán traenach speisialta de shlua ar a shochraid go dtí Ceatharlach. Ina measc bhí Maxwell Close agus ionadaithe ó Chumann Buanchoimeádta na Gaeilge. Chuir an Cumann teachtaireacht chomhbhróin chuig a mhuintir ina bhfuil tagairt don obair ar son na Gaeilge a rinne sé le 20 bliain.

Bhí baint ag an nGaeilge riamh le Dáimh na Diagachta i gColáiste na Tríonóide. Bhí tuairim láidir ag roinnt bheag de na Protastúnaigh riamh go raibh sé riachtanach go mbeadh an eaglais níos Gaelaí. B’fhéidir gurbh in é a d’adhain spéis Haughton, Close, Cleaver agus a leithéidí sa teanga an chéad lá.

Tugadh Haughton House ar an bproinnteach i Sú Bhaile Átha Cliath chun a chuimhne a bhuanú.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú