In aiste faoin gcéad Oireachtas in 1897 (An Glór 24 Bealtaine 1947) scríobh Tadhg ó Donnchadha: ‘Ní nach ionadh do chabhraíomar go léir leis an obair, oiread agus ab fhéidir linn. Ach tar éis an clár a shocrú thit urmhór an dua ar an rúnaí Séamus Ó Cathasaigh, agus is ábalta a rinn sé a chion, ní hamháin don chéad Oireachtas, ach do gach ceann ina dhiaidh sin go bhfuair sé bás.... Má bhí an lá leis an gcéad Oireachtas is dósan atá barr moladh ag dul’.

Mac ba ea é le William Casey, cléireach. I dtuairisc in Sinn Féin 19 Lúnasa 1911 ar a ‘bhainis airgid’ deirtear gurbh é aonmhac Uilliam Uí Chathasaigh as an Muileann Cearr é. Phós sé Kathleen Weir, haitéir arbh fheirmeoir a hathair, ar 19 Lúnasa 1886 in Eaglais Naomh Seosamh, Bóthar Berkeley, Baile Átha Cliath. Cléireach an cur síos ar shlí bheatha Shéamuis ag an am agus ba é a sheoladh 7 Paráid Ghrattan. Bhí cónaí ar Chaitlín ag 76 Sráid loch, na Driseoige. Dar le foirm Dhaonáireamh 1911 gur i gcathair Bhaile Átha Cliath a rugadh é. Bhí 47 bliana d’aois aige ag an bpointe sin. B’as Co. na hlarmhí dá bhean Caitlín (45) agus ní raibh Gaeilge aici. Seisear clainne a rugadh dóibh agus bhí cúigear díobh beo. Bhí ceathrar iníonacha sa teach oíche an Daonáirimh, iad idir 16 agus 24 bliana d’aois. Mac ba ea an duine eile den chúigear. Bhí cónaí orthu ag 11 Cúilbhealach Naomh Seoirse, Droim Conrach, agus bhí post cuntasóra ar an mbóthar iarainn ag Séamus.

Bhí sé i láthair ag cruinniú de Chonradh na Gaeilge 27 Meán Fómhair 1893 (Fáinne an Lae 12 Meitheamh 1926), bhí ina bhall den Ard-Choiste ó thús agus den Choiste Gnó faoin mbunreacht nua anuas go ham a bháis, agus ar dhuine de rúnaithe na heagraíochta ó Nollaig 1896 go Feabhra 1901. Níl amhras ach go raibh sé ar dhuine de na baill ba ghníomhaí sna blianta tosaigh. Nuair a beartaíodh ar 25 Lúnasa 1896 Féile an Oireachtais a chur ar bun ceapadh triúr de bhaill an Ard-Choiste chun na socraithe a dhéanamh: Séamus, Pádraig Mac Cathmhaoil (Keawell) agus Dónall Ó Conchubhair.

Dúirt Torna: ‘Bhí taithí aige ar ghnó rúnaíochta ina oifig ag ceann an bhóthaír iarainn ag Droichead an Rí agus thugadh sé a chuid eolais agus a dhúthracht don obair a dhéanadh sé do Chonradh na Gaeilge.... Níor Ghaeilgeoir é ach d’fhéad sé an Ghaeilge a léamh. Dá bhfaigheadh sé Éire air ní fhéadfadh sé í a labhairt—fear aonteanga ab ea é, ar nós a lán eile. Ach chaith sé a dhícheall agus a thalann ar a son, agus níor scorn leis cúnamh d’iarraidh nó comhairle a ghlacadh dá mbeadh sé i bponc’.

39 bliana a bhí caite aige ag obair don GSWR, comhlacht iarnróid an deiscirt agus an iarthair, agus d’éag sé sa traein agus é ag dul abhaile ó Inse Chór tar éis obair an lae 22 Meán Fómhair 1919, de réir na tuairisce in Catholic Bulletin, Meitheamh 1921, dar teideal ‘Triúr dea-Ghael a fuair bás obann’. Cuireadh síos ansiúd air mar ‘Laighneach léannta, duine uasal ó mhullach talamh agus cruinneolas aige ar gach cúinne de Roinn na hEorpa’. Dúirt Risteárd Ó Foghludha in Misneach 22 Deireadh Fómhair 1919 go raibh sé ag cruinniú de choiste an Oireachtais an Satharn roimhe sin ‘agus é chomh himníoch i gcúrsaí na gcomórtas liteartha is mar bhí sé aon bhliain go dtí seo, ón lá a céadchuireadh an tOireachtas ar bun.... Bíodh gur dhuine fásta é nuair a thosnaigh obair na Gaeilge, thug sé faoin saothar le fonn, agus bhí léamh agus scríobh na teanga aige go maith, cé nach raibh sé ro-oilte ar labhairt na Gaeilge...’.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú