D’ainneoin drochshláinte i rith a shaoil ghairid bhí saothar tábhachtach ceannródaíochta déanta ag Pádraig Ó Laoghaire nuair a foilsíodh Sgealaidheacht Chúige Mumhan, 1895. Ba é an chéad leabhar riamh ón Mumhain é ina raibh breactha scéalta i nGaeilge ó bhéal na ndaoine. Sampla an Chraoibhín i gConnachta a chuir Pádraig i mbun oibre agus nuair a d’éag sé in aois 25 bliana dó mhol cinnirí ghluaiseacht na hAthbheochana go hard é. ‘Gaiscíoch na Gaeilge’ a thug an Craoibhín air. Dúirt Eoin Mac Néill ina thaobh: ‘Fear foghlamtha géarchúiseach glic stuama teasghrách saothrach’. Chum an tAimhirgíneach, Seosamh Laoide agus Torna tuirimh air.

Sna hInsí i mBéara i gContae Chorcaí a rugadh é i nDeireadh Fómhair 1870. Feirmeoir ba ea a athair, Pádraig, agus ba í Máire Ní Uallacháin a mháthair. Toghadh ina mhonatóir sa scoil náisiúnta (Scoil Mhic Eoghain) é nuair a bhí sé 14 bliana d’aois agus bhí sé ina mhúinteoir cúnta ann go dtí deireadh 1894. B’fhéidir gur chaith sé tamaill i Londain agus i mBéal Feirste ach is cinnte go raibh sé fostaithe ag Scoil na mBuachaillí i dTír an Iúir, Baile Átha Cliath, ó 7 Eanáir 1895 go 29 Deireadh Fómhair 1896. In 1895 phós sé Eibhlín Ní Néill ón gCrompán, an tAthair Peadar Ó Laoghaire a bhí ag feidhmiú. Rugadh iníon dóibh timpeall Iúil 1896.

Is léir ó litir Phádraig Uí Bhriain, foilsitheoir, chuig An Gaodhal (i gcló in Micheál Ó Lócháin agus An Gaodhal, 1990 le Fionnuala Uí Fhlannagáin) gurbh é An Gaodhal a spreag a spéis sa teanga an chéad lá. Bhí sé ag cur spéise inti chomh fada siar le 1890. Tá na litreacha a scríobh sé chuig Seosamh Laoide san Acadamh Ríoga. Feabhra 1891 dáta na chéad litreach agus is léir go raibh sé ag bailiú amhrán cheana féin. Bhí sé chomh dúthrachtach i dtaobh na Gaeilge gur mhúin sé í dá shagart paróiste agus don sagart óg i dtreo go mbeidís in ann seanmóirí a thabhairt uathu. Mhúin sé í freisin do Chorcaíoch óg, Osborn Ó hAimhirgín, a bhí tagtha go dtí na hAodhairí ar a tóir. Chuigesean ba mhóide cúnamh Phádraig a chumas ar scríobh agus léamh na teanga. Bhí sé ag obair thar a fhulaingt nuair a bhí sé i mBaile Átha Cliath ag iarraidh leabhar gramadaí agus foclóir a scríobh. Theip ar a shláinte in Iúil 1896 agus d’fhill sé ar Bhéara. Fuair sé bás ann den eitinn ar 30 Deireadh Fómhair na bliana sin. Galar í a lean a mhuintir riamh agus, truamhéalach le hinsint, fuair an naíonán Bláthnaid bás cúpla lá roimh Phádraig. D’imigh a bhean Eibhlín go Meiriceá ach ba ar éigean ann í nuair a sciobadh ise chun siúil freisin.

Dá óige é bhí meas scoláire ar Phádraig. Shíl an Craoibhín go raibh eolas aige ar an tSean-Ghaeilge agus san fhógra a d’fhoilsigh an Cork Examiner i ndiaidh a bháis dúradh: ‘Bhí sé ag déanamh staidéir ar an seanléigheacht seo ar feadh na haimsire a bhí sé ag múineadh scoile i mBaile Átha Cliath gur bhuail galar an bháis é. Dá dheascasan mothófar a chreach níos géire mar is tearc duine labhras an Ghaeilge ón gcliabhán chuireas mórán suime sa tSean-Ghaeilge’.

I bhfómhar 1895 toghadh ina chomhrúnaí oinigh ag Conradh na Gaeilge é in éineacht le Stiofán Bairéad, Séamus Ó Cathasaigh agus Tomás Ó hAodha. Níl amhras ach gur bhrostaigh sé chuige féin an bás leis an obair agus an staidéar go léir. I litir chuig an Craoibhín dúirt sé: ‘Is beag nach bhfuil na súile bainte asam le gnó agus obair. Ní théim a chodladh aon oíche go dtí a haon agus a dó go minic, agus caithim bheith im shuí arís go moch ...’. Scríobhadh sé véarsaí i mBéarla freisin agus d’aistrigh sé The Rime of the Ancient Mariner ach níor foilsíodh é agus ní fios cá bhfuil an lámhscríbhinn. Aiste le Seán Ó Súilleabháin in Béaloideas 3 (Nollaig 1932) an cuntas is iomláine dá bhfuil i gcló.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú