Údar Spleodar Mhuigheo. Sna Fáilíní i gCeathrú an Chaisil, Co. Mhaigh Eo, a rugadh é ar 22 Aibreán 1865. Ag múineadh sa tSráid agus b’fhéidir i bparóistí eile i Maigh Eo Thiar. Ó 20 Iúil 1896 ina phríomhoide i Scoil Dhoire Cionn Locha, Ceathrú an Chaisil. Ó 1907 amach ina phríomhoide ar Scoil Chluain Féan. Tugadh an 2ú heagrán de Spleodar Mhuigheo amach um Cháisc 1925. Níor phós sé. D’éag ar 18 Samhain 1943.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú