Eagarthóir an Kerry Sentinel. Feisire Parnailíteach. I mBaile Chaisleáin Bhéarra a rugadh agus tógadh é. Shocraigh síos i dTrá Lí. Deirtear gurbh é an chéad úinéir páipéir in Éirinn é a fuair clólitreacha Gaeilge. Bhí labhairt agus scríobh na teanga go maith aige. Chaith leathbhliain i bpríosún, agus chaill a pháipéar, mar gheall ar rud a bhain le Conradh na Talún a fhoilsiú. D’éag 29 Bealtaine 1902. Cuntas báis in An Claidheamh Soluis 12 Iúil 1902. A dheartháir Tadhg, Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath, an chéad uachtarán ar Chraobh an Chéitinnigh.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú