Rugadh é i gCluain Bú in Eanach Dhúin, Co. na Gaillimhe, i Meán Fómhair 1881. Feirmeoir beag bocht an t-athair agus bhí ochtar eile sa chlann. Níor chaith Séamus ach ceithre bliana sa scoil náisiúnta. Cainteoir dúchais Gaeilge ba ea é agus tuairim 1900 thosaigh sé ag múineadh faoi Chonradh na Gaeilge i mBealach an Doirín agus ar fud Mhaigh Eo, i Sligeach agus i Liatroma. I rith na gceithre bliana i mbun na hoibre sin dó a chum sé na dánta agus na hamhráin a ghnóthaigh duaiseanna feise dó. Foilsíodh cnuasach díobh i 1940 faoin teideal Dánta agus amhráin. Chuir sé eagar ar Leabhráin Feise Mhuigheó 1: Beatha Sheagháin Mhic hÉil le Mary O’Neill agus M.J. O’Doherty, 1903. Aistriúchán ar Hansel and Gretel le Hermon Ould is ea An Leas-mháthair, 1936. Faoin ainm ‘Shean-Ghaedhilgeoir’ scríobhadh sé colún don Connacht Tribune ar feadh scór bliain.

Tuairim 1906 fuair sé post timire san United Irish League. Eagraíocht pholaitiúil chun tabhairt ar an rialtas an talamh a roinnt a bhí ann. ‘Cumann na Talmhan’ a tugadh air in Dánta agus amhráin. Bhí baint ag John Dillon, M.P. leis agus bhí ardmheas aigesean ar Shéamus. Ceann de dhualgais a phoist bheith ag labhairt le cruinnithe d’fheirmeoirí beaga ar fud an iarthair agus i gContae an Chláir. Bhí cáil na hóráidíochta air. Bhí ceangal eagraíochta ag U.I.L. leis an bPáirtí Parlaiminteach sna toghlaigh. Chaill sé a phost, ar ndóigh, nuair a theip go tubaisteach ar an bpáirtí in Olltoghchán 1918. Chas sé arís ar mhúineadh na Gaeilge. D’éirigh go maith leis, go háirithe sna cúrsaí samhraidh do mhúinteoirí i ndiaidh 1922.

Sna 1920idí bhí feachtas mór ar siúl chun na hiontaobhaithe ar Bhord Draenála Loch Coiribe, Loch Masca agus Locha Carra a bhriseadh. Rinne Séamus a dhícheall san fheachtas seo agus ceapadh é ina bhall den bhord nua. Eachtra mhór ina shaol a bhí ann agus misníodh é chun seasamh mar iarrthóir neamhspleách in Olltoghchán 1927. Chaill sé an éarlais fiú. Fear goilliúnach a bhí ann agus tháinig lionn dubh mór air. D’éag sé ar 22 Meitheamh 1928.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú