Rugadh in 1856 i Londain. Uachtarán an Chumainn le Béaloideas i Sasana. Foilsitheoir. Chuir nótaí le Beside the Fire: a collection of Irish Gaelic folk stories, 1890 le Dubhghlas de hÍde. Baint aige le bunú Chumann na Scríbheann nGaedhilge. Chabhraigh leis an gCraoibhín chun fianaise a thabhairt don Choimisiún um Meánoideachas in 1899. Bádh é sa Seine ar 21 Bealtaine 1910 ag iarraidh a mhac a tharrtháil. Scéal a bháis in An Claidheamh Soluis 28 Bealtaine 1910.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú