Seo í an bhean is minice a luaitear le timireacht in annála Chonradh na Gaeilge. Rugadh í (Catherine Turbitt) ar 5 Bealtaine 1891. Ba é James Turbitt, déantóir cóistí, a hathair agus ba í Mary Boyle a máthair. Bhí cónaí orthu i Ross Lane, Mainistir na Búille, Co. Ros Comáin, nuair a bhí Daonáireamh 1901 á dhéanamh agus is mar seo a bhí an teaghlach: James (40); a bhean Mary (42); Hugh (20), déantóir cóistí; James Joseph (15), scoláire; Mary Alice (14); Maggie Jane (12); Catherine (8); Annie (6); Thomas (5). Dúradh gur san Ómaigh, Co. Thír Eoghain, a rugadh na tuismitheoirí agus Hugh ach gur i Mainistir na Búille a rugadh an chuid eile díobh. Cibé brí atá leis, i nDaonáireamh 1911 dúradh gurbh i Mainistir na Búille a rugadh gach duine sa teaghlach. Ní sloinne choitianta Turbitt i Ros Comáin; tá sé i bhfad níos coitianta i dTír Eoghain. Is mar seo a bhí an teaghlach i 1911: James (55); Mary (58); James Joseph (26), siúinéir; Mollie (24), scoláire; Maggie (22), scoláire; Cassie [ainm ceana Chaitlín] (18), scoláire; Annie (16), scoláire; Tommie (15). Bhí an lánúin pósta le 34 bliana agus bhí seachtar beo den ochtar a rugadh dóibh. Ag Cassie agus Áine amháin a bhí Gaeilge.

Is dóigh gurbh i Mainistir na Búille a cuireadh bunoideachas ar Chaitlín. Deir Colm Ó Cearúil (Aspail ar son na Gaeilge: timirí Chonradh na Gaeilge 1899-1923,1995) go raibh sí ag obair mar mhúinteoir taistil sa Lorgain agus i Móinteach i gContae Ros Comáin i 1915. Ceapadh í ina fothimire i Ros Comáin (An Claidheamh Soluis 19 Eanáir 1918) agus ina rúnaí contae ag an gConradh i Ros Comáin (Misneach 14 Meán Fómhair 1920). Bhí post timire faoi Chomhairle Chontae Ros Comáin aici ó 1 Márta 1923 ach lean sí uirthi ag obair sa Chonradh; tuairiscíodh in An Claidheamh Soluis 21 Márta 1931 go raibh sí ina rúnaí ag Coiste Chontae Ros Comáin den eagraíocht. Ó Aibreán 1933 go ndeachaigh sí ar pinsean ar 30 Meitheamh 1957 bhí sí fostaithe go lánaimseartha mar mhúinteoir Gaeilge ag Coiste Gairmoideachais Chontae Ros Comáin. D’éag sí san ospidéal i Mainistir na Búille tar éis breoiteachta fada ar 24 Iúil 1969 agus tá sí curtha i Reilig Assylin.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú