Bhí sé ar dhuine de na sagairt ba insuime dár ghlac páirt in obair ilghnéitheach na hathbheochana náisiúnta: Conradh na Gaeilge, an athbheochain liteartha, an comharchumannachas, cothú ealaíon na hÉireann. . . . Tá beathaisnéis ghairid ag John F. Ryan in eagrán 1993 den úrscéal Father Ralph, agus beathaisnéis níos cuimsithí aige in Journal of the Galway Archaeological and Historical Society, 1996.

Feirmeoirí i mBreachna, an Díseart, Droichead na Bandan, Co. Chorcaí, a sheanmhuintir. Stiúrthóir oibreacha tógála a athair Jeremiah agus ba í Margaret O’Regan a mháthair. Thugadh obair thógáil calaí agus piaraí an teaghlach ar fud na hÉireann. I gCill Chaoil, Co. an Dúin, ar 13 Iúil 1871 a rugadh an séú leanbh dóibh, Jeremiah (níor úsáid sé an t-ainm Gerald gur thosaigh sé ag scríobh úrscéalta). Is i gCorcaigh, Gaillimh agus Sligeach a cuireadh bunoideachas air. Bhí cliarscoil dheoise Chill Ala in Inis Crabhann an uair sin agus ann a cuireadh meánoideachas air. Chuaigh sé go Maigh Nuad in 1893. Bhí sé imithe ón gcoláiste ar feadh tamaill agus é ar intinn aige bheith ina Íosanach ach oirníodh i Maigh Nuad é mar shagart de chuid Chluain Fearta ar 23 Meitheamh 1895. Bhí sé ina churáideach i gCill Molonóg agus i Leic Molaise ar dtús agus cónaí air i bPort Omna.

Cuireadh go Baile Locha Riach é in 1897 agus bhí ann go Deireadh Fómhair 1904. Bhí tuairimí á nochtadh aige a bhí go mór chun tosaigh ar a raibh inghlactha ag bunaíocht na heaglaise. Chreid sé nach raibh a ndóthain oiliúna á chur ar ábhair sagart chun dul i ngleic le cúraimí sóisialta na sagartachta. B’fhearr leis bainistíocht na scoileanna a bheith ar bhonn ní ba dhaonlathaí. Ba mhaith leis go roinnfí cumhacht san eaglais le tuataí. Bhí sé lánghafa le gach gné den athbheochan náisiúnta agus bhunaigh Cumann Lánstaonairí Naomh Breandán i mBaile Locha Riach. Thug sé le chéile ann craobhacha de na gluaiseachtaí teanga, ealaíne agus tionsclaíochta; bhí leabharlann, seomra léitheoireachta agus giomnáisiam ann. Bhunaigh sé cumann chun mná a oiliúint ar thionscail tinteáin. Rinne sé rud an-neamhghnách nuair a thug sé foireann an Irish National Theatre Society go dtí an baile um Cháisc 1903 chun Déirdre agus The Pot of Broth a léiriú; cuireann Máire Nic Shiubhlaigh tábhacht leis an gcuairt in The Splendid Years, 1955 mar eachtra i stair na hamharclannaíochta agus deir: ‘The visit gave us a pleasant weekend as guests of the jovial Father O’Donovan and his curates, all of whom treated us with a deference that was in marked contrast to the treatment we had been receiving in Dublin. . . . in Loughrea we immediately attained the status of distinguished visitors and spent a luxurious two days as guests of the clergy in the town’s leading hotel’. Bhí Ardeaglais Bhreandáin á tógáil agus thapaigh sé an deis chun ealaíontóirí Éireannacha a fhostú; is í an eaglais sin an cuimhneachán is buaine air i mBaile Locha Riach. Tugann a gharnia Donal O’Donovan cuntas uirthi in Ireland of the Welcomes, Márta-Aibreán 1984 faoin teideal ‘Loughrea Cathedral: monument to a revival of Celtic Art, and to a man of courage and vision, Jeremiah O’Donovan’. Cheap an t-easpag é ina riarthóir ar an bparóiste i 1902. Cheana féin bhí cáil náisiúnta air de bharr ar thug an Leader agus United Irishman de mholadh ar a shaothar. Ó 1901 bhí sé ina ionadaí Connachtach ar choiste gnó an IAOS, eagras comharchumannaíochta Horace Plunkett.

Agus tagairt á déanamh in eagarfhocal An Claidheamh Soluis 16 Lúnasa 1901 do laethanta tosaigh ghluaiseacht na hath­bheochana deirtear: ‘Many things have changed since then and so have many minds. Father O’Donovan of Loughrea was ready to argue against the language movement in those days. He now sees the life of the nation in it’. Deir John F. Ryan go raibh sé riamh ar son na teanga, ach ar dtús go raibh sé ag easaontú leis an gConradh i dtaobh roinnt nithe. Mheas sé, mar shampla, go raibh Micheál Ó hIceadha ag dul thar fóir nuair a chomhairligh sé do Chonraitheoirí gan Béarla a labhairt ach amháin nuair a bheadh fíor-riachtanas leis. D’easaontaigh sé go háirithe le Conraitheoirí a chreid gurbh i nGaeilge amháin ab fhéidir meanma an Ghaeil a nochtadh. Ach bhí baint ghníomhach aige leis an gConradh ón uair a chláraigh sé mar bhall de Chraobh Bhaile Locha Riach i nDeireadh Fómhair 1899. Bhí aiste, ‘The National School as a National Education’, aige in Daily Express i Lúnasa 1899 (i gcló in An Claidheamh Soluis 2 Meán Fómhair 1899) a bhí ag teacht go hiomlán le haigne an Chonartha. Bhí sé ag Mórchomhdháil an Chonartha i 1900 agus arís i 1901. Ar 28 Lúnasa 1901 labhair sé ag uaigh Raiftearaí i gCill Fhínín. ‘Bhí an tréadaí dílis fíor, an tAthair Ó Donnabháin as Baile Locha Riach láithreach ag an gcruinniú’ (An Claidheamh Soluis 31 Lúnasa 1901). Mhol sé go mbeadh feis gach bliain feasta ann agus toghadh é féin ina leasuachtarán ar an gcoiste eagraithe. Thug sé léacht ar 7 Samhain 1901 i Seomra Cruinn an Rotunda faoin teideal ‘Our duty to the Language Movement’. ‘Fr O’Donovan’s mere name is a sufficient guarantee that there is a mental treat of no ordinary kind in store for his audience. . .’, a dúradh i bpáipéar an Chonartha 2 Samhain 1901. W.B. Yeats a mhol an rún buíochais. I dtús 1902 d’imigh sé go Meiricéa agus thug léachtaí ar fud na mór-roinne sin. Thug sé Léacht Cuimhneacháin Uí Ghramhnaigh ar 29 Meán Fómhair 1902 sa Rotunda agus chinn Coiste na bhFoilseachán ar 1 Nollaig é a fhoilsiú mar phaimfléad (An Claidheamh Soluis 13 Nollaig 1902). Toghadh é ina bhall d’fhochoiste tionsclaíochta an Chonartha i 1903 agus bhí sé ina bhall den Choiste Gnó ó 1903 go 1905. Cé go ndeirtear go raibh Eoghan Ó Gramhnaigh [B4] mar mhúinteoir Gaeilge aige i Maigh Nuad is é a deir John F. Ryan nach raibh puinn den teanga aige.

Nuair a ceapadh an tEaspag Ó hÉalaí ina Ardeaspag ar Thuaim i 1903 ba é an Donnabhánach rogha na sagart mar chomharba i gCluain Fearta. Ach ba é Tomás Ó Deá a ceapadh ar deireadh. Síltear gur ordaigh sé don sagart gnóthach a sceideal léachtóireachta agus taistil a chiorrú. Cibé fáth áirithe a bhí leis thuig Ó Donnabháin nach bhféadfadh sé leanúint air i mBaile Locha Riach. Níor cheil sagairt agus pobal méid a ndíomá. Is mar seo a tuairiscíodh a imeacht in Western News 22 Deireadh Fómhair 1904 (i gcló in Journal of the Galway Archaeological and Historical Society ): ‘The scene at the Railway Station, when Father O’Donovan was about to depart was a remarkable one. Long before the train started the platform and the road leading from the town were crammed with young and old anxious to get his blessing before he left, and several knelt on the ground to receive it, and as the train started from the station cheer after cheer was raised for the good soggarth who was severing his connection with them. Father O’Donovan appeared deeply affected, and kept waving his hat until the train was out of sight’. Thall i Londain dó chláraigh sé mar bhall den Chonradh agus bhí ar dhuine dá dteachtaí ag Ard-Fheis 1905 (Conradh na Gaeilge i Londain 1894-1917, 1989 le Donncha Ó Súilleabháin). Sheas sé mar iarrthóir i dtoghcháin an Choiste Gnó an bhliain sin agus arís i 1906 ach níor éirigh leis. D’ainmnigh Craobh Bhaile Locha Riach é mar dhuine dá dteachtaí ag Ard-Fheis 1907.

Rinne Yeats, an Bhantiarna Gregory agus George Moore iarracht obair liteartha a fháil dó ach faoi 1908 bhí sé bancbhriste agus is ansin a d’éirigh sé as an sagartacht. Chaith sé tamall gairid ag obair i Meiriceá thar ceann Horace Plunkett agus tamall eile ina fho-bhardach in Toynbee Hall, institiúid oideachais don ísealaicme i Londain Thoir. I Lúnasa 1910 thit sé i ngrá le Beryl Verschoyle a bhí 15 bliain níos óige ná é: Protastúnach ó thuaisceart na hÉireann ba ea í. Phós siad in oifig an Chláraitheora, Whitechapel, Londain, 15 Deireadh Fómhair 1910. Rugadh buachaill agus beirt chailíní dóibh.

Moladh a chéad úrscéal, Father Ralph, 1913 go hard i Sasana. I mBealtaine 1915 chuaigh sé isteach san arm ach d’fhág i ndiaidh ceithre mhí i ngeall ar a shláinte. Bhí sé ag obair sa státseirbhís anuas go Deireadh Fómhair 1916 agus ansin ar feadh tamaill ghairid ina bhainisteoir agus ina phríomhléitheoir ag comhlacht foilsitheoireachta Collins. Nuair a ceapadh é ina cheann ar Oifig Propaganda na Breataine i gcomhair na hIodáile ba í Rose Macaulay a rúnaí. Bhí sí i ngrá leis agus, cé nár fhág sé a bhean, lean an caidreamh acu ar a chéile ar feadh an chuid eile dá shaol. Scríobh sé úrscéalta eile: Waiting, 1914; How they did it, 1920; Conquest, 1920; Vocations, 1921; The holy tree, 1922. B’fhacthas do léirmheastóirí Shasana go raibh Conquest ar son saoirse na hÉireann. Meastar gur thráigh ar a chumas cruthaíoch de dheasca a bheith scartha ar fad le hÉirinn. Bhain timpiste gluaisteáin dó ar 26 Meitheamh 1939 agus é ag taisteal in éineacht le Rose Macaulay i gCeantar na Loch agus níor théarnaigh sé riamh as. Nuair a fuair sé bás den ailse 26 Iúil 1942 in Albury, Surrey, ní raibh dada faoi i bpáipéir na hÉireann. Ní dúirt sé riamh lena pháistí go raibh gaolta leis beo, comhartha, is dóigh, ar a mhéid ba scaradh anama le corp a imeacht as Éirinn. Nia leis ba ea Jim O’Donovan, stiúrthóir na bpléascach ag na hÓglaigh i gCogadh na Saoirse agus úinéir/eagarthóir Ireland Today, fear a bhí pósta ar dheirfiúr le Caoimhín de Barra.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú