Bhí sé ar dhuine de cheannairí Chonradh na Gaeilge i gContae Luimnigh sna blianta tosaigh. I Luimneach Thoir a rugadh é agus oirníodh i Maigh Nuad é. Chaith sé tamall gairid ag teagasc i gColáiste Mhainchín, Luimneach(Cork Examiner 28 December 1907) agus fiche bliain i bparóiste Naomh Eoin, mar a raibh sé ina riarthóir. Ba é ba mhó faoi deara bunú Chraobh Luimnigh. Dúradh san Examiner: ‘During the 20 years of his ministry in Limerick he was early and late fostering or encouraging every attempt, successful or otherwise, to spread the knowledge of the people’s native tongue and by persuasion or agreement that along the path he had marked out lay one great road to the goal of Ireland’s nationhood’. I 1901 foilsíodh The value of the Irish language and Irish literature : a lecture. Deirtear go raibh beathaisnéis Eoghain Uí Chomhraí idir lámha aige. Bhí sé ina bhall den Choiste Gnó ó 1902 go 1905. Sa tuairisc bháis in An Claidheamh Soluis 4 Eanáir 1908 is ‘Tadhg Ó Laidhigh’ a tugadh air agus deirtear gurbh é ionadaí Thuamhan ar an gCoiste Gnó é agus i 1904 gur tugadh an vóta ab airde dó ag an Ard-Fheis. Ceapadh é ina shagart paróiste i gCromadh i 1905 agus d’éag Lá Nollag 1907. Tá aiste dar teideal ‘Tadhg Ó Laoi, sagart paróiste Chroma an tSubhachais’ ag Pádraig Ó Duinnín in The Leader 4 Eanáir 1908. ‘Is maith is cuimhin liom a dhéine is a dhúthrachtaí is a chuireadh sé lámh le hobair Chonradh na Gaeilge sararbh éigin dó éirí as an obair sin. Thagadh sé go minic go Baile Átha Cliath le linn na gcruinnithe agus cé go mbíodh costais throma air níor éiligh sé scilling ar an gConradh. Fear léannta go leor, fear a raibh eolas maith aige ar an nGaeilge, ba ea an tAthair Tadhg. . . Nuair a bhíos féin ag gabháil do shaothar na bhfilí a chónaigh ar bhruach na Máighe chuidigh an tAthair Tadhg liom go maith. D’aimsigh sé an leac atá le huaigh Sheáin Uí Thuama agus ghlan í agus chuir a ghriangraf chugam i gcóir an leabhair. . . Fear grámhar sultmhar scléipeach ba ea é, fear nár chuir suim riamh in airgead ná i maoin saolta, fear a dhein a dhícheall riamh chun gnó Dé agus gnó a thíre agus gnó theanga a thíre a chur ar aghaidh’. Sa pháipéar céanna ar 18 Eanáir 1918 bhí alt ag Alice Milligan, ‘Fr Lee in Limerick—a memory’. Ba é an chéad sagart Caitliceach é ar chuir sí aithne air.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú