Sampla í den Chonraitheoir óg a raibh gealladh fúithi mar gheall ar oideachas maith a bheith uirthi agus dúil a bheith aici sa pholaitíocht. I gContae Laoise a rugadh í. I 1901 bhí cónaí uirthi lena tuismitheoirí i ‘Montebello’, Bóthar Naomh Alfonsus, Droim Conrach, Baile Átha Cliath. Cuireadh síos sa Daonáireamh go raibh sí 21 bliana d’aois, gurbh as Cill Chainnigh dá hathair William Curran, éadaitheoir, agus dá bhean Bridget. Ag May, nó Marian, amháin a bhí Gaeilge. ‘Ollamh’ an cur síos ar a slí bheatha. Ní raibh teacht ar a teastas breithe.

Bhí BA aici ón Ollscoil Ríoga. Ball gníomhach í d’Ard-Chraobh Chonradh na Gaeilge, í ina ball coiste, agus bhí dúil ar leith aici sa drámaíocht agus sa cheol. Ba í a bhí freagrach as stáitsiú Aodh Ua Néill, dráma Éamoinn Uí Néill (1876-1946) nuair a bhí ceolchoirm i gcuimhne Liam Uí Mhaolruanaidh ar siúl i Seomra Cruinn Theach an Ard-Mhéara. ‘The artistes acquitted themselves with great credit, performing their parts in a natural and effective manner that one would not expect from amateurs in their very first attempt. This was chiefly due to the zeal and ability of Miss May Curran, BA, who conducted the rehearsals. She was responsible indeed for the entire staging of the piece, which was perfect in every way. The grouping in the various scenes and the arrangement of the different incidents would reflect credit on a professional stage manager’ (An Claidheamh Soluis 1 Feabhra 1902). Bhí Alice Milligan ag cabhrú léi. Tuairiscíodh (idem 28 Márta 1903) go raibh compántas aisteoirí aici agus go raibh léiriú de An Pósadh á bheartú acu.

Bhí sí ina teachta ón Ard-Chraobh chuig Ard-Fheis 1903. Faoi 1904 bhí sí ina ball tofa de Bhord Caomhnóirí Theach na mBocht i mBaile Átha Cliath Thuaidh. Nuair a d’éag sí 27 Samhain 1905 tuairiscíodh in An Claidheamh Soluis go raibh sí ar dhuine de rúnaithe oinigh Chumann na gCéimithe Caitliceacha agus ina hoibrí dúthrachtach ag Cumann na mBanchéimithe.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú