Sna Clochánaí in aice le Béal an Átha i gContae Mhaigh Eo, mar a raibh a athair John ina sháirsint sa Chonstáblacht Ríoga, a rugadh é (Gerald Arthur Bartley) ar 12 Meitheamh 1898. Nuair a d’éag an t-athair thug an mháthair, Ann Costello, abhaile go dtí an Clochán, Co. na Gaillimhe, é. Bhí deartháir agus deirfiúr aige. Tar éis bunscolaíochta cuireadh go Scoil Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath é agus is le linn dó a bheith ann, tuairim 1914, a cheangail sé leis na hÓglaigh. Nuair a d’fhill sé ar an gClochán fuair sé post cléireachais le comhlacht Marconi. Bhí baint aige le Sinn Féin agus bhí ina chaptaen ar na hÓglaigh sa Chlochán agus gearradh mí príosúnachta i nGaillimh air i ndiaidh dó tine a lasadh ag dealbh John Darcy sa bhaile sin chun bua Shinn Féin i Longfort i mBealtaine 1917 a cheiliúradh. Timpeall an ama chéanna tháinig ordú ó cheanncheathrúna Marconi i Londain é a bhriseadh as a phost. Bhí post aige i gComhairle Contae na Gaillimhe go dtí gur ceapadh é ina chléireach i gcúirt na Dála sa Chlochán i 1918. B’éigean dó na cnoic a thabhairt air féin nuair a thug na Dúchrónaigh ruathar faoina lóistín gur mharaigh a chara Séamus Quirke. Bhí sé ina cheannfort ar chomplacht an Chlocháin d’Arm na Poblachta agus ina leascheannfort i gConamara Thiar. Chaith sé tamaill i bpríosún i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste. Bhí sé in aghaidh an Chonartha Angla-Éireannaigh agus gabhadh é 18 Deireadh Fómhair 1922 agus bhí i bpríosún i nGaillimh agus sa Churrach.

Bhí sé ina bhall de Chomhairle Chontae na Gaillimhe ó 1925 go 1931. Bhí ina uachtarán ar Chraobh an Chlocháin de Chonradh na Gaeilge i 1935 agus bhí a dheartháir Pól ina chomhchisteoir. Toghadh ina Theachta Dála thar ceann Fhianna Fáil i nGaillimh é i 1932 agus i 1933, agus ag gach toghchán i nGaillimh Thiar ó 1937 amach gur éirigh sé as i 1965. D’fhreastail sé ar Choláistí Ollscoile Bhaile Átha Cliath agus na Gaillimhe agus ar King’s Inns. Glaodh chun an bharra é i 1944. Bhí ina Rúnaí Parlaiminte ag an Aire Talmhaíochta 1951-4 agus ag an Aire Tionscail agus Tráchtála 1957-9. Ceapadh é ina Aire Gaeltachta i 1959 agus ina Aire Cosanta i 1961. Phós sé Bridget Angela Munnelly i 1935. Ní raibh aon chlann acu. D’éag sé 18 Aibreán 1975. Dheonaigh sé a chorp le haghaidh taighde leighis.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú